Arb’ é thusa a bhí ann is mé le mo mhada
ag iarraidh scáth a dhéanamh amach,
mé idir crainnte is tú i gcarr?
D’fhill mé ar an gcosán
is an áit ina raibh tú, ag breathnú
ar an radharc a chonaic tú
gan mise ná tusa ann.
Cairdeas, caillte:
cráite gan eolas fút.
Cuairt chasta nár tharla.