Scríobh
Is fiú go mór é a léamh anseo.
san The New Theatre, Lúnasa 24 – Meán Fomhair 5, 7.30in, Ticéidí €15 Tuilleadh eolais anseo.
Is fiú féachaint siar ar chlár TG4 faoi D’O L:
Sármhúinteoir? Peidifíleach? Ní théann na focail le chéile.
Duine feargach nach raibh cáilithe ar chor ar bith mar mhúinteoir a thóg a bhí uaidh gan cead.
Ní múinteoir maith é sin.
Bhí daoine ann nár thuig cén sórt diabhal a bhí ann ACH bhí daoine fásta ann a thuig go maith é is a bhí ar siúl aige is é ag múineadh. Bhí daoine ann a rinne iarracht é a stopadh. Ach bhí cumhacht aige agus chuir sé an dallamullóg ar dhaoine. Ní múinteoireacht é sin. Sin dallamullóg.
Sármhúinteoir ach go raibh na rudaí seo déanta aige?
Sáruachtarán Bush ach na rudaí sin (an Iaráic, 1,000,000+ marbh srl) déanta aige mar sin.
Mhúin siad dúinn bheith múinte ACH ná habair tada ar son peidifíligh a ghlaoíonn ‘múinteoirí’ orthu féin.
Saor ó phíonós is é beo, ná lean ar aghaidh leis an mbréag sin i ndiaidh a bháis.
Súil agam nach bhfuil duine ar bith fanta a cheapann gur sármhúinteoir é peidifíleach.
Bhí ar beirt siúl amach?
A. B’fhéidir gur fiú go mór féachaint air mar sin. Mar tá an fhírinne fíorshearbh.
An fhírinne. Ná dún na súile. Buíoch gur thóg Jack Harte faoin ábhar seo. Súil agam go mbeidh seans agam é a fheiceáil. Súil agam go mbeidh súile oscailte ag daoine is córas oideachas níos sábháilte againn as seo amach. Súil agam ach ní leor sin agus muid ag fanacht i bhfad rófhada.
Céim 1: bain oideachas ó Eaglais. Éist le scéal ó NPR faoi. Thug lucht na hEaglaise tacaíocht do Dhomhnaill Ó Lubhlaí. An Eaglais féin ciontach fós is iad fós ag cosaint na peidifíligh ina measc. Seafóid ar fad go mbeadh grúpa le stair mar sin i gceannas ar oideachas na tíre!
Neart le foghlaim ag an tír: Bhí Coláiste na bhFiann ina ghréasán… gréasáin le leads a fháil dó a bhí ann. Beidh sé mar sin go deo go dtí go bhfuil freagrach ann. Is níl.
Ná tabhair meas ná spás do mhúinteoir nó file nó duine ar bith a théann trasna an líne le páistí. Daoine fós ag iarraidh meas a thabhairt do dhaoine nach dtuilleann meas AR BITH, d’Eaglais nach dtuilleann meas. Ná déan é sin. Sibh cuid den fhadhb nuair nach labhraíonn sibh amach. Ná ceap go bhfuil sin deamúinte bheith ciúin. Ná húsáid leithscéal ar nós Seo Creideamh ár Sinsear leis an t-uafás damáiste áta déanta sa tír a mhaithiú: le Magdalenes, Tuam Babies, íobartaigh Symphiosiotomy, Leitir Frac, Artane Boys Band….agus araile agus araile …na mílte briste ag dream atá fós i gceannas ar oideachas agus a thug tacaíocht do Dhomhnaill O Lubhlaí. Ní leor ‘Tá brón orainn.’ Ní leor ‘Ní dhéanfaimid arís é’ uathu. Ná bíodh dallamullóg orainn.
Muidne ‘infantilized’ acu ag glaoch ‘Father’ orthu. Caith amach reiligiúin as scoileanna agus cuir i bhfeidhm cearta daonna.
Bunfhadhb: nach raibh siad in ann labhairt amach. Fíor. Bhí siad óg. Cén leithscéal atá againn? Muidne a thuigeann. Fós ann. Daoine nach bhfuil in ann labhairt amach. Níl sé éasca fásadh aníos i nDialathas lán le aineolas agus gnéasachas láidir fós chuile háit, sa dhlí chomh maith. D’fhéadfadh An Triail le Mairéad Ní Ghráda a tharla arís inniu. Níl athrú ann. Rogha ar bith ag mná agus ní mhúinfidh scoil Chaitliceach dóibh conas a gcearta a bhaint amach. A mhalairt. Coinneoidh siad aineolach iad.
Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí riamh. In am é sin a dhéanamh post mortem.
In am an Eaglais, an rialtas, an córas, an dlí a chiontú freisin.
In am an córas ar fad a athrú: an Old Boys Network, go mór, mór an Eaglais.
Ná ceap go ndearna Domhnaill Ó Lubhlaí maitheas don teanga. Thóg sé ár dteanga álainn agus rinne sé ghaiste, arm di le páistí a éigniú. Níl masla níos measa ná sin don teanga.
Freagracht de dhíth ón dlí a dhéanann an rud mícheart is iad i gcoinne íobartaigh rómhinic.
Maith thú, Jack Harte.
Maidir le cúlra IRA, tá rud éigin ann. Mé ag caint le fear anuraidh is é ag cosaint go láidir an méid a rinne Domhnaill Ó Lubhlaí ‘don tír is don teanga.’ Baint aige leis na daoine sin, óna chaint. ‘Prediliction’ a bhí ann de réir an duine seo agus níor chóir dúinn bheith ag rá tada ina choinne, dar leis. Amantaí ceapann tú go bhfuil tú san Twilight Zone is stopann do chroí is tú ag éisteacht le daoine a chosnaíonn an diabhal. Tá an iomarca den tsórt sin thart freisin. Labhair amach.
Faoin “nár thapaigh an Garda Síochána an deis ” sin…
Ar son Dé, níl muinnín dá laghad againn as an dream sin! Céard atá déanta acu faoi na Tuam Babies? Éinne ciontach as? Sin a cheap mé. Tada aithrithe. An dream céanna, an meon céanna. Faisisteachas fós linn. Dlí ar nós Megan’s Law uainn. Athrú iomlán ar an gcaoi a labhraíonn daoine faoin ábhar. An iomarca sa bhaile nach bhfuil sásta an rud ceart a dhéanamh. Iad ar an taobh mícheart. Cosain na páistí #1. Cén fáth an bhfuil sé chomh deacair é sin a thuiscint?
Níl ionadh ar bith orm faoin líne deireanach ansin agat, Maitiú. Maith thú as scríobh faoi. Maith thú, Liam. Bail ó Dhia ort.
Neart le foghlaim againn fós ar an ábhar seo & ní ó ‘sármhúinteoir’ nach bhfuil cáilithe ná ó Eaglais a throideann go láidir le cearta a choinneáil uainn, ná ó rialtas nach bhfuil sásta Stát & Eaglais a scaradh ná freagracht a bhaint amach.
Drámaíocht agus litríocht ag tabhairt faoi. Is maith sin. Ardmholadh don scríbhneoir, do na haisteoirí, do dhaoine a thuigeann agus a labhraíonn amach.
Scríobh mé faoi Dhómhnaill Ó Lubhlaí cheana mar fhreagra anseo is faoi na daoine a chosain é anseo.