Míle maith agat le Jean!
Tháinig siad! Tháinig Liam is Bairbre. Tháinig daltaí go leor. Daoine maithe lán le grá don chultúr is teanga. Ina gcarranna, ar eitleáin, ar ghluaisrothar… tháinig siad. Bhí craic againn le chéile! Deis iontach bailiú le Bliain na Gaeilge a cheiliúradh.
Muid buíoch as chuile dhuine a thug cúnamh dúinn. Míle buíochas go speisialta leis an gClár Tacaíochta Eisimirceach a thug cúnamh dúinn an uair seo. Bhí gá leis agus tá muid breá sásta gur scaipeamar grá don teanga.
D’éirigh go geal leis an nDeireadh Seachtaine Gaeltachta. Bhí go leor daltaí nua ann, cuid acu ó Colorado agus Utah! Tháinig Liam ó Dhún na nGall agus Bairbre ó Milwaukee. Mhúin Jean ceardaíocht, Dennis an cláirseach, David iománaíocht, Tim an bodhrán, agus Julie is Erin an rince ag an bPop-Up Gaeltacht.
Níos mó ag teacht roimh i bhfad. Is sárlaoch gach duine a bhí ann. Ardaíonn sibh mo chroí!