B’íomhá i bhfíseán le Jean a spreag seo. É sin agus Pele i Hawai’i.
Fadó, fadó agus is fadó a bhí, bhí Éire agus SAM le chéile. Bhuel cuid di. Ar bhealach. Muise, lig dom tosnú arís. Fadó fadó bhí Éire ina dá leath. Bhí farraige mhór eatarthu. Iapetus a thug siad uirthi. Bhuel, aigéan a bhí ann le bheith cruinn.
Seo anois. Sé an rud é go raibh iarthuaisceart na hÉireann ar imeall SAM (nárbh SAM é ag an am, le bheith cruinn tá fhios agaibh). Bhí oirdheisceart na hÉireann ar imeall na hEorpa (nárbh … dheara, tuigeann sibh). Tháinig an dhá leath le chéile agus insíonn clocha i gCo. na Mí an scéal sin.
Bhí mé ag smaoineamh ar seo go léir is mé ag smaoineamh faoi lár na tíre is Bealtaine, is tinte ar Uisneach. Nuair a tháinig mo chomharsan béil dorais ón tSeapáin go hÉirinn bhí fonn uirthi Eiscir Riada a fheiceáil. Níor thuig mé an thábhacht leis an áit. Tá scéalta againn a mhaireann faoi Leath Choinn agus Leath Mhogha. N’fheadar an mbaineann na scéalta le am i bhfad níos sine ná mar a cheapamar?
Smaoinigh mé ar an gCruachán agus Uisneach agus an thábhacht le tine ar bharr an chnoic i lár na tíre. I gcuimhne ar bholcáin fadó?
Bhíomar scartha fadó agus thángamar le chéile. Meas tú an féidir linn bheith le chéile arís? Sin na smaointe a bhuail mé inniu agus mé ag caint ar stair, tíreolaíocht is scéalta.
See change. Sea change
Leis na focail cuí, is féidir. Neart le ceartú leis na focail a roghnaímid.
Bíodh ár nguth féin againn.