Ní binn béal ina thost seachas béal ag iarraidh maitheas a scriosadh.
Alt-Right ► Alt-Reich
Focal ó Dick
Alright, ní focal ach téarma atá i gceist ach tuigeann sibh. Mé ag léamh sna meáin faoin Alt-right i SAM na laethanta seo. An téarma i ngach áit. Ní bheadh faitíos ar bith ar dhaoine roimh téarma mar sin. Ach céard é? Cuma air go bhfuil an grúpa sa chlub leis na huaisle le ainm mar sin.
Nuair atá geal dorcha
Richard (Dick) Spencer a chum an téarma. Má ghlacaimid le fealsúnacht Dick, b’fhearr meas a thabhairt dó is glacadh leis an ainm a chum sé féin ar a ghrúpa. Ach céard é fealsúnacht Dick? Cuireann daoine ina leith gur Forlámhas Geal atá uaidh. Ní hé sin é, dar le Dick. Níl uaidh ach SAM ina Eitnastát Geal. Caithfidh gur cheannaigh sé teasáras dó féin is cheangail sé focail le chéile. Bheadh Eitnastát (Ethnostate) i bhfad níos measa ná Forlámhas (Supremacy) mar ní bheadh éinne ach na daoine geala ann san Eitnastát. Abair go soiléir é. Ní Alt-Right ach Alt-Reich atá i gceist. Neo-Nazis atá ann. Má ghlacann sibh lena deireann sé, meáin SAM, ar aghaidh libh leis an dallamullóg atá san téarma sin Alt-Right. Má cheapann sibh go bhfuil Neo-Nazis go dona, ná géilligí leis na téarmaí a chumann siad dóibh féin. Ná bígí páirteach sa bholscaireacht.
Níl an locht orm
I’m not racist but… nó fiú I’m not racist: má thagann na focail as do bhéal beidh fhios ag daoine gur ciníochaí tú. (Yeah, yeah, tuigim nach bhfuil ach cine amháin ann. Leithcheal i gceist). Ní ciníochaí mé cloiste agam ó go leor, leor daoine le deanaí. An fhírinne ag titim amach i ngan fhios dóibh féin. Nach dtuigeann siad go gciallaíonn Níl mé ag iarraidh tú a mhaslú… go bhfuil siad chun tú a mhaslú ach ba bhreá leo ligint orthu go dtugann na focail sin cead dóibh é sin a dhéanamh gan locht a bheith orthu.
Na nóiméidí ciúine ina léiríonn daoine cé hiad i ngan fhios dóibh féin.
Brónach go bhfuil mé in ann a aithint go héasca cé a vótáil do Trump i mo cheantar. Bratach SAM ar crochadh taobh amuigh den teach? Tigh Trump mar sin.
Nuair a thagann Faisisteachas go Meiriceá, beidh sé clúdaithe le bratach agus ag iompar cros – Sinclair
Focail, Focail, Focail
Gortaíonn focail daoine agus scaití tosnaíonn siad cogadh.
Cuid de na focail an dhéanann an dochar:
1. An Focal F
Fuathchaint
An fuath ón Fear Oráiste, bhí sé dochreidthe. Ceadaithe ag na meáin agus ag an GOP. Freagracht ar bith ann nuair a scaoileann sé fuath uaidh. D’úsáid sé fuath le daoine a chur ina n-áit ceart, le píonós a chur orthu siúd atá difriúil. Scantraigh sé daoine d’aon ghnó.
Fuath Ban
Nasty Woman: b’shin a dúirt An Fear Oráiste faoi Hillary Clinton. Bhí déistin ina ghlór. Ar nós an focal bossy tá fuath ban ag baint leis an bhfocal nasty sa chaoi ina n-úsáidtear é le mná a dhiúltaíonn aontú leis na fir is fanacht sa bhaile a cháineadh. Brí iomlán difriúil ag Nasty Man agus Nasty Woman. An masla níos measa don bhean. Ní hamháin go bhfuil sí suarach i gceist ach is caitheamh anuas é. Deireann sé nach bhfuil sí in ann í féin a iompar mar ‘bhean mhaith.’
Muidne v Siadsan. Sin mar a chruthaigh An Fear Oráiste an cluiche. An fhírinne? É féin v An Domhan
2. An Focal N
Ní an ceann sin: Neamhdhleathach atá i gceist anseo mar aidíocht le cur síos ar dhaoine. Tá rudaí a dhéanann daoine neamhdhleathach, ní na daoine iad féin RIAMH. Tá an difríocht sin fíorthábhachtach. Tá dídhaonnú ar siúl leis an bhfocal illegals sa Bhéarla. Seift atá ann. Tugann sé cead do dhaoine deighleáil leo go cruálach.
Ciníochas
3. An Focal T
Tá péire anseo: an truth i Post-truth agus Trump.
a) Post-truth, Alt-truth
Creideann go leor daoine na meáin. Mór an trua é ach fíor. Is múinteoir é a mhúineann an saol do dhaoine. Ba chóir go mbeadh sé proifisiúnta ach níl. An fhadhb anseo ná nach dtuigeann daoine céard atá i gceist leis an domhan acadúil le téarmaí ar nós Post Feminism nó Post-Truth. Bhfuilimid ag rá nach bhfuil gá le Femineachas nó An Fhírinne níos mó? Ná creid sin. Muna dtuigeann daoine atá á rá, athraigh na focail. Abair go soiléir é. Muid ag caint faoi Bréaga, ní Post-truth ná Alt-truth. Coinnigh an focal truth go hiomlán as mar a mhalairt atá i gceist. Ag iarraidh bheith cliste le téarmaí, cuirtear an pobal amú. Ná dean sin.
Daonlathas SAM: Sampla de Alt-truth (bréag).
Bush, Obama is na huachtaráin rompu ciontach as dlíthe idirnáisiúnta a bhriseadh. Ní stopfaidh siad An Fear Oráiste mar tá siad féin is a gcairde ciontach. Inis an fhírinne. Go hiomlán. Cumarsáid #1.
b) Trump: An Fear Oráiste
Tá níos mó i gceist leis an bhfocal Trump ná ainm ar dhuine. Brandáil atá ann. Feiceann daoine na hostáin is an focal sin i litreacha móra orthu. Feiceann siad eitleán, ollscoil, cúrsaí gailf srl leis an ainm sin orthu freisin is creideann siad gur fear saibhir é atá in ann iad a shábháil. Mar tá airgead uathu.
Tá seafóid sa chreideamh sin mar ní maith le daoine saibhre ar nós An Fear Oráiste a airgead a thabhairt do dhaoine eile. Is trumpa é a ainm a ghlaíonn amach gur duine le cumhacht é. Mar sin, bain an chumhacht de. Bain a ainm de. An Fear Oráiste atá agam air mar gheall ar sin.
Ligeann sé air gur sláinitheoir é ach ní shábháileann sé rudaí; scriosann sé iad. Ní thabharfaidh sé aigead do dhaoine; coinneoidh sé airgead ó dhaoine.
Alt faoi anseo.
Déan cinnte nach gcloisfear a ainm.
Bolscaireacht
Bímis cúramach leis na focail a chloisimid agus a deirimid. Nuair a deireann an diabhal Let’s all get along, ná creid é. Aithin an difríocht idir an fhírinne agus bréag.
Bí cúramach leis na focail sin.