Imithe Bán: literally ‘gone white,’ means to be gone mad or wild. GRMA @AnDuinnineach
United Hates agus Gombeen Men
Céard ba chúis leis an American Horror Story (grm Tomaí Rua) seo againn i 2016? Pócaí folamh is cloigeann tinn? Tá mo chloigeann tinn, cinnte. Ach níl mo phócaí folamh fós. Níor roghnaigh mise An Fear Oráiste. Roghnaigh go leor, leor daoine saibhre é agus beidh % beag acu i bhfad níos saibhre mar gheall air, ceapann siad. Ach, mo léan, ní bheidh éinne sásta ag an deireadh mar níl grá ag An Fear Oráiste ach do dhuine amháin: é féin. Scriosfaidh sé gach mórthimpeall air diaidh ar ndiaidh.
Cloigeann tinn ag daoine mórthimpeall orm mar nílimid in ann deighleáil le Fear Oráiste bheith i gceannas orainn. GML. Deighleáil le Fear Oráiste a bheith ag éigniú muid féin, ár gcairde, ár muintir, an tír agus an domhan a bhí i gceist leis an i gceannas sin. Tromluí. É ag teacht agus níl aon éalú uaidh.
Dúinne, na hÉireannaigh, thosaigh an tromluí seo le Brimeacht. Stairiúil agus dochreidthe. Bhuail an nuacht daoine. Chonaic tú é sa chaoi inar thóg siad céim siar. An tír in aice linn! Impireacht na Breataine lena Caisleán Buckingham, lena Pomp is Pageantry, lena hárasáin i Londain atá i bhfad ródhaor, lena BBC, lena Béarla snasta a dúirt: tuigim go bhfuilim níos fearr ná daoine eile mar tá mo thír uasal! Chreid siadsan Farage! Na hamadáin!
Nach dtuigeann siad go bhfuil an tír feiceáilte acu agus dochar ollmhór déanta acu do go leor daoine?
Cuid mhaith acu fós nach dtuigeann sin. Roinnt mhaith acu i Sasana a cheapann gur leo Éire. Cuid mhaith de mo dhaltaí i SAM a chreideann gur leis an Ríocht Aontaithe Éire. Creideann an tromlach nach bhfuil in Irish ach blas Éireannach ar Bhéarla. Tá bolscaireacht san leagan den stair a scaipeann siad. Ethnic Cleansing fós ceadaithe le focail. An Pomp is Pageantry cuid den ficsean a choinnigh an fhírinne uathu le fada. A mhúin Exceptionalism dóibh.
Agus anois…Sin Farage thuas ar tí dul suas an ardaitheoir órga agus é ag ceapadh go bhfuil an ticéad órga aige. Ní tusa Charlie, Farage, agus ní Willy Wonka é Trump. Ach anois, nuair a smaoiním air, bhí Charlie fionn le súile gorma agus bhí comhlacht mór ag Wonka. Ach, féach thar do ghualainn agus féach suas, Farage. Tuig d’áit sa chluiche seo. Contúirt á tuar duit. Mór an trua gur thosaigh tú an cluiche sa chéad áit.
Nach cliste sibh, Reuters leis an gceannlíne sin! Britain’s Brexit agus firebrand Farage. BB agus fF. Déarfainn go raibh lead an-sásta leis fhéin faoi. Ach tá difríocht idir fear a scrois tír is a d’fhág sceoin i gcroíthe an phobail agus Leading Brexit Campaigner. Agus sin feall. Tá Reuters agus na meáin i gcoiteanna ag daingniú an slíbhín Farage is á árdú le meas nach bhfuil tuillte aige.
Agus tógann sé sin go White Privilege muid.
Láidir i SAM. Muidne anseo ar dtús. Thángamar ar an Mayflower, a deireann daoine leat go bródúil. Deas tuiscint cé as a thagaimid agus cérbh iad ár sinsir ach i bhfad níos tábhachataí tuiscint cá seasann daoine ar chearta daonna anois. An iomarca acu róghafa le taispeáint gur leo an tír seo mar bhí siad ann ar dtús. Ní lucht an Mayflower a bhí anseo ar dtús, ar ndóigh. B’shin na dúchasaigh. Agus ag an bpointe seo, bheadh sé i bhfad níos fearr an tír a thabhairt ar ais dóibh ná ligint don bhFear Oráiste bheith i gceannas.
Fear Gorm v Fear Oráiste? Ciníochas láidir ach bheadh an bua ag Fear Gorm sa bhabhta sin dá mbeadh sé ann.
Fear Oráiste v Bean? Bean le oideachas is taithí? Sin thar fóir! Níl aon bhean ag dul a rá liom céard is féidir liom a dhéanamh!
Sin an meon atá ag an iomarca i SAM. Bhí bean os mo chomhair amach agus í ag insint dom faoin troid sa teach roimh an toghcháin mar dúirt a mac nach bhféadfadh bean bheith i gceannas ar thír is bhí a hiníon ar buile leis faoi. Ní raibh an máthair ar buile. Bhí sí ag fulaint. D’aithin mé an phian. Tugann muid aire dóibh, gach atá uathu dóibh, grá mór millteach dóibh is siúlann siad orainn. Tuigim. Bhí ‘fhios agam go mbeadh pósadh aerach againn roimh rogha do bhean mar d’fhéach daoine ar an troid aerach sin ar nós rud a ghortaigh na leads. Tuigim. I dtír ar bith beidh cos ar bolg ann agus i ngrúpa ar bith atá ag fulaingt, beidh cúrsaí níos measa do na mná. Tuig cás Patsey v Northup i 12 Years a Slave.
Cén chaoi ar thángamar anseo?
Bolscaireacht
Ba léir roimh i bhfad go raibh bolscaireacht ciontach as amadáin a dhéanamh de dhaoine trín cuid is measa iontu a mhealladh amach le heagla roimh bagairt. Is ag pointe áirithe, nílimid in ann deighleáil leis na meáin níos mó. Le na focail a sheacaint, féachaimid ar an gcúlra. Tá bán sa chúlra. Is sa chúlra sin, feicimid rudaí a deireann linn go bhfuilimid slán. Cros Bhríde mar shampla. Ar nós breathnú ar na scamaill ag samhlú íomhánna deasa iontu.
Ach, nuair a smaoiním air, cérbh í Bríd agus cén leagan den scéal sin a mhúin siad dúinn?
Feiceáilte. Go hiomlán feiceáilte.