Tá gach rud togha leis an toghchán, iad ag rá i SAM mar fhreagra ar chúiseamh Trump.
Is aoibheann liom ioróin. Tá rud éigin milis sa chaoi ina bhfuil an fhírinne ag titim amach tríd an Nasty, an Donald, sa toghchán seo. Trína chiníochas, a ghnéasachas, agus a chlaidhreacht féin, léiríonn sé an lobhadas atá róchoitianta i SAM i measc daoine cumhachta. Cead aige aon rud a rá: sin Saoirse Cainte a dhéarfadh daoine áirithe liom faoi seo. Leithscéal le fada é sin díreach mar is leithscéal é Maithiúnas ag an Eaglais. Idir saoirse cainte agus caoinbhéas tá an fhírinne le fáil. Níl gan rud togha i SAM, a chairde. Fadhb leis an gcóras, fadhb le Trump, fadhb le easpa freagrachta.
Osclaíonn Trump a bhéal agus tagann meon lofa amach. De gnáth ní ligeann daoine do na smaointe sin éalú ina gcaint. Ní hé sin le rá nach mbíonn na smaointe sin acu. Tá ciníochas, gnéasachas, agus claidhreacht an-láidir sa tír. Ach ligeann siad orthu go bhfuil gach rud togha. Roghnaíonn siad a bhfocail go cúramach. Le dul ar aghaidh sa saol. Bhris Trump na rialacha. Rialacha nach bhfuil scríofa i leabhar ar bith.
An Onóir (Eminence), An Cairdinéal Dolan, an té a dúirt go raibh an IRA ar nós ISIS, fear le réadmhaoin iontach aige i Manhattan, fear nach n-íocann cáin: an-mhór le Trump ag ócáid ghairéadach le déanaí. Ag samhlú a gcomhrá sa phic thuas.
Tuig gur mhaith leo rogha a choinneáil ó na mná agus an chumhacht a bheith acu féin.
Tá nós i SAM go ngéilleann an té caillte sa toghchán don bhuaiteoir le cinntiú go dtuigeann an domhan go bhfuil gach rud togha sa tír. Caoinbhéas a thugann siad air. Dínit ag baint leis. Ní gheallfadh Trump go ndéanfadh sé sin ag an díospóireacht dheireanach. Bhí daoine trína chéile is an liú a lean sin an-ard: Horrifying, ar Hillary, A great disservice, ar Lindsey Graham (GOP), Beyond the pale, ar Jeff Flake (seanadóir GOP). Bhí rud le rá ag iriseoir ón Wall Street Journal faoi: The most disgraceful statement by a presidential candidate in 160 years, a tháinig ó Bret Stephens i dtweet.
An bhfuil an ceart acu?
Ar bhealach. Is sin an rud. Tá an fear é féin dáiríre horrifying. Ach nár cóir go mbeadh cead ag daoine a chinntiú go raibh gach rud féireáilte? Mar níl sé féireáilte is ní raibh ón tús i dtoghchán Sam. Is tá sé in am caint faoi. Tugann Trump an deis don tír caint faoi. Ach níl siad ag iarraidh é sin a dhéanamh.
An ngéilleann daoine i gcónaí agus ar mhaithe le céard? Keeping up appearances?
Tá mé ar buile fós faoi a tharla i 2000 nuair a ghéill Al Gore go George W Bush mar b’shin an rud caoinbhéasach le déanamh de réir nósanna na tíre. Ag an am céanna, bhí sé iomlán mícheart is anois tá 1,000,000+ marbh san Iaráic mar gheall ar an toradh sin is an t-uafás dochair déanta ar fud an domhain. An féidir a mhíniú do dhaoine thall ansin cén chaoi ‘raibh sé caoinbhéasach? Ná géill don diabhal. Ná glac le córas lofa. Tá freagracht de dhíth ach níl freagracht ann. Tuigeann Trump sin. Tuigeann sé gur féidir leis a rogha rud a dhéanamh. Ar siúl le fada ag na daoine is cumhachtaí sa tír ach thuig siadsan uilig nach raibh cead caint faoi go hoscailte. Ar bhealach (uafásach) tá níos mó den fhírinne le fáil ón Donald ná ó éinne eile.
Ní leor bheith ag gearáin faoi Trump is atá ar siúl aige. Tá níos mó ná diabhal amháin sa scéal seo. Tá an córas lofa agus tá pointe aige. Déisteanach ach tá. Caithfear an córas a cheartú. Ná bíodh aon mhíthuiscint ann, níl mé ar a shon agus tá sé fíordheacair dom a thuiscint cén chaoi a mbíonn duine ach caithfimid é sin a oibriú amach chomh maith. Bheadh cúrsaí i bhfad níos measa dá mbeadh Trump i gceannas. Dabht ar bith faoi sin. Ag an am céanna tá sé ag scaoileadh an fhírinne amach, ag oscailt bosca Phandora is níl Meiriceá ag iarraidh féachaint ar chéard atá ann. Ach ba chóir dóibh, ar mhaithe na tíre.
Cén chaoi ‘fhuil an córas rigeáilte i ndáiríre?
$$$$$$$$$$$$$$$$$
Ní féidir le duine gan airgead dul ar aghaidh sa chóras mar atá sé. Caithfear am a cheannach ó na meáin is Superpac a bheith ag obair ar do shon. Agus maireann an sorcas chomh fada sin! Creideann go leor, leor daoine gur é an rud is tábhachtaí atá le déanamh ag daoine nuair atá siad tofa ná cinntiú go mbeidh siad tofa arís sa chéad toghchán eile is ar aghaidh leo ag fáil airgid ar mhaithe leis sin. An toghchán is fearr gur féidir a cheannach. Sin toghchán an Mafia. Fós i bhfad ón toghchán is fearr.
2 Pháirtí Amháin Ceadaithe
Níl seans dá laghad ag éinne i dtriú páirtí. Cuimhnigh ar a tharla do Jill Stein (ceannaire, Páirtí Glas) nuair a rinne sí iarracht bheith páirteach i ndíospóireacht. Tógadh í go ‘suíomh dubh’ is chaith sí ocht uair a chloig dornascaithe go cathaoir ann. Bhí na leads ag an díospóireacht slán le caint faoi chearta na mban is í as an mbealach! Déanann na meáin cúis mhagaidh nó cúis náire de dhaoine a deireann go gcaithfidh siad a vóta do Pháirtí ar bith eile seachas na heilifintí agus na hasail. Fiú leis an ndá pháirtí sin, ní ghlacfaidh siad le daoine atá ag iarraidh an corás a cheartú. Bhí am ag Bernie Sander bheith os comhair an phobail ach ag deireadh an lae, d’éirigh leo stop a chur lena réabhlóid.
Grúpaí coinnithe amach ó vótáil
Seans ag gach duine vóta a chaitheamh ar a laghad? Ní hea ná gar dó. Tá Stáit ann a éilíonn aitheanas nach bhfuil de dhíth nó le fáil. Seo an breitheamh J. Peterson faoi Wisconsin: [Wisconsin] has disenfranchised a number of citizens who are unquestionably qualified to vote, and these disenfranchised citizens are overwhelmingly African American and Latino. Cead vótála caillte ag 2,000,000 in Ohio. I Texas tá fógraí ag rá go bhfuil gá le aitheanas le grianghraf le vótála. Níl. I Carolina Thuaidh níl cead vótála ar an Domhnach le stop a chur leis an bhfeachtas Souls To The Polls eagraithe ag Eaglaisí áirithe. Beag ama tugtha acu do vótáil go luath ansin ach oiread. Téann póilíní go áiteacha ina bhfuil faitíos ar dhaoine rompu nuair atá páirtí faoi leith ag iarraidh nach mbeidh seans acu vótáil.
Nuair a ritheann lucht DC le daonlathas SAM a chosaint le liú ard, tá bréag ansin is tuigeann Trump go maith sin. Tá siad géilliúil. Tá an ceart aige magadh fúthi is cur ina leith gur meatacháin iad. Mar níl duine acu sásta an córas a chur ina cheart. An fhadhb céanna in Éirinn, áit ina bhfuil Stát agus Eaglais fós fite fúite le chéile is duine ar bith sásta iad a scaradh.
An bhfuil Trump cliste nó amaideach?
Pé acu, tá sé contúirteach. Fíorchontúirteach.
Tá sé fíor. Tá diabhail mar seo ar an saol.
Ní thaitníonn leo nuair a insíonn an fhírinne fúthu. Níos measa ná sin. Ní If you’re not with me, you’re against me mar a dúirt Bush é ach Muna bhfuil tú liom, brisfidh mé thú.
AN CLEAS
Sa chaoi ina deireann Don Trump go bhfuil an córas lofa, tá an córas ina aghaidh. Éasca é sin a thuiscint nuair a thuigimid go gceapann sé go bhfuil sé foirfe agus nach féidir leis riamh bheith mícheart. Leis an meon aigne sin, caithfidh an locht bheith ar dhaoine eile nó rud eile.
An Fear Corcra
Duine ar bith níos mó ná mise…
A mhalairt an fhírinne. A mhalairt an fhírinne.
Tá mé iomlán cinnte go gcreideann siad go bhfuil an ceart acu mar tá siad i ngrá leo féin. Masla uafásach ó Bhush le Carol Coleman an uair sin is é ag rá go raibh a bhrón níos mó ná brón a dtuismitheoirí.
Comparáidí le Kilgrave.
Kilgrave is a walking consent metaphor, a scríobh Willa Paskin san alt seo i Slate. Fiú é a léamh. Dáiríre! Consent nó compliance? Is cuma. Tugann muidne cead do dhaoine cumhachta a rogha rud a dhéanamh. Tá sé sin fíor. Tuigeann Trump é. Tuigeann Monsanto é. Tuigeann Apple é. Nuair nach bhfuil freagrach sa chóras do dhaoine mór le rá, níl ann ach teach déanta de chártaí a thitfidh leis an ngaoth. Séideann Trump an ghaoth sin. Tá cúnamh aige agus ag an MIC, an chumhacht is mó sa pholaitíocht i SAM, ó FOX is na meáin eile atá ag cruthú fuath is ciníochas le fada.
Céard é an cleas?
Cuid den fhírinne meascaithe le bréaga, bréaga, bréaga. Inis na bréaga i nguth milis. Ná taispeáin náire riamh. Cuir cuma ort go bhfuil tú i gceannas agus go mbeidh gach rud togha má leanann daoine thú. Má deireann daoine go bhfuil tú ag rá rudaí uafásacha, dean gáire faoi is abair go raibh tú ag magadh. Lig ort go bhfuil daoine dod’ ghortú agus go mba cóir go mbeadh trua ag daoine duit.
Tá balla idir Trump agus an fhírinne i ndáiríre. Balla sa chloigeann. Tuigeann sé céard ba chóir dó a dhéanamh ach aithníonn sé nach shin mar atá an saol. Chruthaigh SAM cultúr ina gceadaítear do na daoine is cumhachtaí a rogha rud a dhéanamh. Cultúr chomh láidir sin go nglacann daoine leis. Mar feiceann siad freisin gur sin mar atá an saol. Conas Bush fós bheith saor i ndiaidh an ionsaí ar an Iaráic a mhíniú murach sin? Cé atá ag géilleadh?
Cuireann duine ceist orm: An gceapann tú go bhfuil an toghchán rigeáilte. Freagraíonn Tá agus imíonn siad leo le vóta a thabhairt do Trump sula bhfuil seans acu aon rud eile a chloisteáil uaim. Níl figiúirí uathu. Níl míniú uathu. Tuigeann siad sound bites agus aon rud a thabharfaidh tacaíocht d’fhear a bhíonn ag caint ar nós daoine eile atá mór thimpeall orthu sa saol. roinnt mhaith acu nach bhfuair oideachas go triú leibhéal. Roinnt mhaith a chuaigh ann ach níl na hollscoileanna anseo uilig an-mhaith.
Sampla anseo de dhuine ar Twitter a d’éist le Clare Daly ag caint faoi Obama. Mar a thuigeann sí é, tá Clare in aghaidh Obama agus mar sin ba chóir tacaíocht a thabhairt do Trump
Feiceann tú céard atá ag tarlú is déanann tú iarracht stop a chur leis ach seo a tharlaíonn:
Aineolas, Eaglais, muidne nár cheartaigh an córas a chruthaigh an stoirm. Céard atá le déanamh? Inis an fhírinne go hiomlán go dtuigfidh na daoine seo
an feall. An bhfeiceann tú an EAGLA san EAGLAis? Cuimhnigh go seolann go leor. leor daoine a ngasúir go scoileanna Chaitleacha. Tuig atá an Eaglais ag rá. Sampla anseo.
Tar ar ais, Bernie Sanders! Jill Stein led’ thaobh.
Amhrán Annie Lennox le críochnú:
Who are I to disagree? In am labhairt amach…go láidir. Brionglóidí, sin rud amháin. An fhírinne uainn. Hold your head up ♫
Seo a tharla ar an lá
Agus seo a rinne a mhac
Drochscéal: d’éirigh leis!