Heritage
Gaeilge le drámaíocht: ná cailligí Heritage i Malibu.
Beidh tús maith curtha le ceiliúradh 1916-2016 i gCathair na nAingeal leis an dráma Heritage san Amharclann Lindhurst in Ollscoil Pepperdine i Malibu. Ag oscailt ar an 26 Eanáir, is í Nicola McCartney (Éireannach) a scríobh an dráma seo faoi chomharsana i gCeanada i 1914. Ó Chúige Uladh ó dhúchais, tá oidhreachtaí éagsúla acu. Dráma faoi oidhreacht, impireacht, agus stair: bhain sé geit asam leis an mbuanfhírinne ann.
Ardmheas do na haisteoirí a d’fhoghlaim Gaeilge. Rinne siad teagmháil le Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal le cúnamh a fháil. Nasc nua. Ar scáth a chéile. Bhí ar na haisteoirí bodhrán a sheinm, rincí a dhéanamh, agus casadh ar an sean-nós chomh maith. Ardmholadh do Addyson Culpepper a chan Dónal Óg. Maith iad ar fad.
Oidhreacht: maith nó olc? Ar nós reiligún, is minic a úsáideann daoine an téarma le cumhacht a thabhairt do ghrúpa faoi leith. Bhí seans agam bheith i láthair is na haisteoirí ag cleachtadh aréir. Sa dráma feicimid an saol trí shúile Sarah McCrea. Tá scileanna den scoth ag an aisteoir, Alexandria Garrett, sa ról seo! Réalt Hollywood as seo amach. Chuir sí lán a croí isteach ann. Cloiseann Sarah scéalta óna Daid faoin Orange Order agus glóir King William is cloiseann sí scéalta faoi Deirdre & Naoise óna comharsa Micheál. Cé a chreidfidh sí agus muidne?
Pléann daoine sa dráma cén dream a ghoid talamh ó dhream eile, arís is arís sa stair. Níl freagraí ann ach léiriú ar mar a thiteann rudaí amach an saol. Airímis rithim na drumaí sa dráma go minic. Smacht. Ord. Buillí. Drumaí a chuireann faitíos ar dhaoine, a chuireann isteach ar rithim nádúrtha an tsaoil. Rithim na staire falsa ag milleadh tuisceana. Rithim aineolais faoi nádúr na háite a mhilleann na plandaí. Rithim nach dtugann spás do ghrá.
Tá neart daoine sa saol nach bhfeiceann an fhírinne sa stair nó an chaoi inar fhág impiriúlachas sceilpíní gabhair ar fud an domhain, oidhreacht ina measc. Ceapann daoine áirithe go bhfuil an bua acu agus Dia ar a dtaobh. Dallamullóg orthu. Níl laochra sa scéal seo ná glóir, ach gnáthdaoine ag stracaíl leis an saol. Gan eolas, fásann gráin mar a thagann smol ar phlandaí. Téamaí láidir ann, mar is cóir.
Anois i 2016, tá sé lán in am dúinn caint faoin fhírinne. Maith iad, aisteoirí Pepperdine ag oscailt an doras sin dúinn.
Gaeilge le drámaíocht: ná cailligí Heritage i Malibu.
An Mháirt, Eanáir 26 – Aoine, Eanáir 29, 2016, 7:30in
Satharn, Eanáir 30, 2in (ticéidí ar fad díolta) & 7:30in
Níl ach $15 ar Cead Isteach!
Lindhurst Theatre. Ná bígí déanach.
Is féidir caint leis na haisteoirí tar éis an dráma ar an gCéadaoin.