It was the best of times, it was the worst of times, a scríobh Dickens. Seo mar atá sé dúinn in Éirinn anois.
Tosnóimis le ómós.
Leis an vóta Tá, thugamar meas do mhná na hÉirinn. Thugamar meas do na Magdalenes le fáilte iontach agus cóisir leis an Uachtarán. Thugamar ómós do scríbhneoir a scríobh The Handmaid’s Tale atá gar go scéal na Magdalenes. Comhghairdeas le Margaret Atwood a fuair Bonn Ulysses inniu!
GRMA, Ceanada. Is as Ceanada Atwood agus Joni Mitchell. Tuigeann an bheirt acu a dhéanann an Eaglais.
Agus anois t-uafás sna rudaí a tharla sna Magdalenes:
Cúlra don scéal seo de dhíth.
1984: Fuair Ann Lovett bás
1985: Scríobh Atwood The Handmaid’s Tale
1994: Chas Joni Mitchell The Magdalene Laundries
1996: Dúnadh an Magdalene deireanach i bPort Láirge
Spéisiúil gur fear le cumhacht i nGilead (tír the Handmaid’s Tale) é Mr. Waterford.
Tagann scríbhneoir cáiliúil eile isteach sa scéal seo. Sin Dickens. The best of times and the worst of times.
Agus níos faide siar sa stair.
The worst:
Bhunaigh fir gnó an chéad Magdalene (Magdalen) i Londain i 1758. Hospital for the Reception of Penitent Prostitutes a thug siad air. Obair saor in aisce a fuair siad as. Cuireann sin Prisons For Profit SAM i gcuimhne dom. Bhí os cionn 300 acu i Sasana faoi 1845. Dáta suntasach do mhuintir na hÉireann.
The best:
Shocraigh Dickens ar chóras eile a bhunú i 1846 nuair a chonaic sé chomh huafásach is a bhí na Magdalenes.
The worst:
Scríobh Atwood faoi shaol diostóipeach i The Handmaid’s Tale. Sin atá againn ó ghoid an Ardeaspag McQuaid saoirse uainn lena Dialathas. Saol diostóipeach. Cheapamar go raibh saol an-modern go deo againn, seachas iad sna Magdalenes, ach i ndáiríre ní raibh duine ar bith againn saor ó ghreim na hEaglaise.
Na bréaga:
Féach a scríobh beirt faoin McQuaid céanna anseo. Tá duine acu siúd (Fr. Con) san nuacht inniu mar gheall ar a scríobh sé san nuachtán inné, díreach tar éis an ómós do na Magdalenes faighte acu ón Uachtarán agus ón bPríomhchathair:
Sin an Eaglais duit! Ní raibh lucht an Love Both amuigh le fáilte a chur roimh na Magdalenes an tseachtain seo. Ní fáilte ná grá atá acu ach fuath. Fuath ban go háirithe. Ar nós fir Gilead, is breá leo cumhacht agus brabús.
An tUafás:
Seo mar atá saol do mhná is creideamh bunúsach i gceannas i nGilead:
Ofrobert atá ar an mbean ag screadáil thuas. Mar bhain siad a hainm di. Rud a tharla sna Magdalenes. Thug siad d’fhear eile í. Rud a tharla is mná ag fágáil na Magdalenes in Éirinn. Cleas cruálacht ar an lá deireanach i mBaile na gCros. Dúirt siad leis na mná go raibh fir uathu le pósadh sula ngabhaidís amach sa saol arís. Ghlaoigh siad ar fir na háite teacht isteach le breathrú orthu mar a roghnódh feirmeoir beithí ag an mart. Ní bheadh siad saor riamh.
Only in suffering do we find grace, a deir an bhean crúalach a dheineann obair Gilead. Mar an gcéanna le Mother Teresa. Bean chruálach a dhiúltaigh leighis do dhaoine ag fáil bháis mar b’fhearr go mbeidís ag fulaingt, dar léi. Ní hé nach raibh an t-airgead aici. Bhí. Neart airgid. Cuid mhaith aici féin agus go leor do Gilead, gml, don Vatacáin.
An Feall le Bolscaireacht:
Mar an gcéanna leis na mná rialta sna Magdalenes.
An tUafás:
Agus chuile uair a bhaineamar cearta daonna sa tír seo, bhíomar ag troid in aghaidh na hEaglaise.
Ómós:
Is léir gur éirigh linn go leor a bhaint ACH
Uafás:
gan Stát/Eaglais a scaradh is beag brí atá leis. Nuair atá greim ag grúpa ar an dream is soghonta sa tír (óg agus aosta), tá an tír ar fad acu.
Mar sin, tuig nach bhfuil brón ar an Eaglais. Ní hé nach dtuigeann siad a rinne siad: tuigeann siad go maith sin. Sin an jab acu. Ní hiad atá seafóideach (out of tune with modern society mar a deireann daoine i gcónaí). Muid atá craiceáilte a chreideamh go bhfuil maitheas iontu agus go mba chóir ligint dóibh bheith i gceannas ar oideachas. Daoine a dhéarfaidh bréaga go deo lena ngáinneáil ar leanaí a chosaint. Níl AON leithscéal air.
Seo fós atá ar suíomh Credit Union Castlepollard: anseo
Ní fhreagraíonn siad daoine a deireann leo go bhfuil seo iomlán mícheart. Ní míthuiscint atá ann ó Eaglais ghrámhar. Seo fuath. Seo coir. Seo ár naimhde.
Ómós dóibh siúd lán le grá a sheasann an fód in aghaidh na hEaglaise atá lán le fuath FÓS in Éirinn inniu. Ómós dóibh a bhrisfidh an Dialathas. Mar caithfimid. Ómós do mhná na hÉireann le croíthe móra a dhéanann an rud ceart.
Anois, Rialtas? Gardaí? Scoileanna a cheadaíonn iompúchán?
Tóg ar ais ár dtír. Dár bpáistí. Dúinn féin. Don tír.
Deireadh leis an gcóras diostóipeach (Dialathas) againn.
Ba bheag nach ndearna mé dearmad: Ní Fr. Con an t-aon duine le con. An cleas ag an bPápa le slua a bheith aige in Éirinn i mí Lúnasa ná seo . Aithne agam ar dhaoine a chreideann san Eaglais fós in Éirinn. Níl aithne agam ar éinne sa tír agus ní fhéadfainn a shamhlú fiú duine in Éirinn a chreideann i lánloghadh. Sin siombal do bhreabaireacht. Sin masla, ceapadh go smaoinimid go bhfuil rud mar sin ceart agus cóir. Sin uafás.