Buíochas le mo dhalta, Hyungsan Lee, a spreag an píosa seo. Bhí sé ag roinnt eolais faoina thír liom inné nuair a tháinig ionadh an domhain orm.
Cé go gceapann neart daoine nach bhfuil Dolmainí (tuamaí) le fáil ach amháin in Éirinn, bhí siad i go leor áiteachaí eile ar fud an domhain idir 2,000 & 1,000 RC.
Aithníonn muid na clocha mar shiombal dár n-oidhreacht féin ach ní linne amháin iad.
Tá dolmainí sa Iarthar: sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Bhreatain Bheag, i gCorn na Breataine, i dTír na mBascach, sa Phortaingéil, san Iodáil…
Ach an raibh ‘fhios agat go raibh siad le fáil san India, sa Tuirc, sa Rúis, san Iordáin, san Ailgéir, san Aifric… chomh maith? Tá.
Dolmainí san Oirthear
Ceisteanna faoin téarma ‘Oirthear’ sin ar dtús ar ndóigh: cá bhfuil an líne idir oirthear agus iarthar? Cé a tharraing an líne sin? An bhfeiceann gach tír mar an gcéanna é? Dearcadh i gceist. Ach sin blag eile, lá eile.
San Áise Thoir (ceist eile, ar ndóigh – lá eile) tá dhá ghrúpa de dholmain ann: an bord ar nós bosca (os cionn na talún) sa Tuaisceart agus an bord Go ( a bhí faoin talamh fadó) san Deisceart.
An tSín
Tá dolmainí san Iarthar (i dTibet, Sichuan agus Gansu) agus ag an imchuach ag an Mhuir Bhuí (Leithinis Shandong).
Ach is sa Choiré a fheicfidh tú an chuid is mó de na dolmainí ar an domhan!
Tháinig siad go dtí An Choiré sa Chré-umhaois.
Seo dolmain sa sneachta sa Choiré. Nach álainn é! Cé a chreidfeadh é!
Tá an chuid is mó de na dolmainí sa Chóiré in áiteachaí arda i nGochang, Hwasun, agus Ganghwa. Neart mhaith acu ón 1,000 aois RC. agus neart le foghlaim uathu faoi na daoine a bhí ann an uair úd, a gcreideamh, a gcultúr srl.
Tá 440+ dolmainí ag Gochang (8.38 heactáir), atá lonnaithe mórthimpeall ar shráidbhaile Maesan. An chuid is mó acu lonnaithe ar na cnoic sa ghrúpa Jungnim-ri i nGochang. Iad ón 7ú aois RC agus na cinn deireanacha ann ón 3iú aois RC. An-éagsúlacht le feiceáil anseo.
Tá 500+ dolmainí ag Hwasun (31 heactáir) ar na cnoic gar don abhainn Jiseokgang. Iad ó 6iú – 5iú aois RC. Tá cuid acu ag titim as a chéile. Tá timpeall 158 acu sa ghrúpa Hyosan-ri agus 129 eile sa ghrúpa Daesin-ri.
Ar na sléibhte ar Oileán Ganghwa (12.27 heatáir) go mór, mór ag Bugeun-ri agus Gocheon-ri, tá na dolmainí níos sine agus lonnaithe níos airde ar na sléibhte. Ag déanamh comparáidí eatarthu is féidir an chaoi a d’athrigh dolmainí trí na blianta a fheiceáil, agus a dhéanamh amach cén chaoi ar thóg siad Dolmain.
Chuir an phictiúr a chonaic mé sa rang inné ionadh agus áthas orm. Cé nach linne amháin na dolmainí, tá muid ceangailte le chéile le daoine eile ar fud an domhain ar bhealach. Nach iontach an smaoineamh é agus an dúchas atá againn!