Nós ársa is ea é, Tine na Bealtaine a lasadh ar Uisneach. Tús an tsamhraidh, is siombal é an solas is an teas. Lasann sé ár gcroíthe. Ón tine sin fadó, las daoine tinte ar fud na tíre.
Bhailigh na mílte ar Uisneach i lár na tíre ar Bhealtaine 6, 2017 nuair a las an tUachtarán Mícheál Ó hUiginn Tine na Bealtaine, beagnach míle bliain ó las ár nArd-Rí deireanach, Ruaidrí Ua Conchobair, é. Is iomaí duine atá cáiliúil sa stair a thug cuairt ar an cnoc seo roimhe: De Valera, an Piarsach, Dónall Ó Conaill, agus James Joyce ina measc.
Is minic a labhair daoine faoi shaoirse don tír ar an gcnoc stairiúil seo. Leis an ócáid seo, tá sé soiléir go bhfuil athrú san aer. Ní bheadh sé ceadaithe fiú, ní i bhfad ó shin. Thosaigh stair na hÉireann le Naomh Pádraig, dar leis na leabhair staire a bhí agam fadó. Tada roimhe sin. Ár ndúchas féin faoi cheilt. Leis an aitheantas seo, tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar na leabhair scoile agus ar na scoileanna féin, go dtuigfimid cé sinn, go mbeidh muid neamhspleach.
Linne ár dtír is ár gcultúr is tá fáilte roimh chuile dhuine a thagann anseo le meas acu orainn is ar ár gcultúr freisin. Seo an chuid is fearr dínn. Timpeall na tine, le grá, le cairdeas, le meas do na daoine a d’imigh romhainn.
Tá daoine ag súil go mbronnfaidh UNESCO stádús faoi leith d’Uisneach as seo amach. Iontach ar fad, ócáid spioradálta Gaelach lán le siombal den saoirse mar seo bheith againn gar do mo bhaile féin, an Muileann gCearr. Tugann sé dóchas dúinn.