Sa scannán In the Time of the Butterflies (bunaithe ar fhíorscéal), eiríonn le bean, Minerva, céim sa dlí a bhaint amach i 1957 le cead ón deachtóir Trujillo. Cleas atá ann, áfach. Tá céim aici ach níl cead aici an chéim a úsáid. Rud nár inis sé di roimh ré. Ní fiú tada an obair ar fad a chuir sí isteach. Bhain sé cumhacht uaithi. Feall cruálach.
Mar an gcéanna a tharlaíonn leis an nGaeilge. Níl brí le teanga i ndáiríre nuair nach bhfuil sí i mbéal an phobail. Nuair nach féidir í a úsáid taobh amuigh den scoil. Cén maitheas an obair ar fad munar féidir le duine an teanga a labhairt ná a fheiceáil fiú!
An dochar sin déanta le náire in Éirinn ar fad. Ciníochas a mhúin siad dúinn is a d’fhoghlaim an iomarca rómhaith: daoine a cheapann nach bhfuil luach sa teanga. Daoine sa Dáil gan meas madra acu ar an teanga. Rialtas nach labhraíonn an teanga fiú! Dochar na himpireachta. Ar a laghad tá an teanga le feiceáil ar na comharthaí sa desiceart agus cabhraíonn sin go mór.
Rialacha difriúla ó thuaidh. Ollscoil ag cur cosc ar theanga na tíre? Aineolas dochreidthe agus feall ollmhór ansin. Bhí fógraí as Gaeilge i Queen’s University Belfast ach thóg siad anuas iad i 1997 mar ní raibh an teanga ‘neodrach’! Níl fógraí as Gaeilge ceadaithe níos mó?! Sin an nuacht anois.
Níl ann ach ciníochas. Aineolas. Fuath. Cleas cruálach. Feall. Nár fhreastail Heaney ar QUB! Bheadh sé ar buile faoi. Meas ar an áit iomlán caillte agam. Seo a scríobh QUB (Queen’s University Belfast):
Sheol leas-seansailéir gníomhach James McElnay seo go An Cumann Gaelach QUB: The university, through its equality and diversity policy, is committed to the promotion of equality of opportunity. The university seeks to create and sustain a neutral working environment that values and celebrates the diversity of all its staff and its student body, in accordance with its charter and statutes. Section 3.1 of the policy highlights the university’s commitment to ‘providing a good and harmonious environment free from flags, emblems, posters, graffiti or other materials or actions or language likely to be provocative, offensive or intimidatory.
Tá Gaeilge intimidatory, offensive, provocative? Ar nós daoine gorma a bheith mar sin do Trump? Nó an fuath atá ann? Ciníochas, a chairde. Sin atá ann go simplí: ciníochas.
Foghlaim Gaeilge ach ná bíodh sí le cloisteáil ná le feiceáil, Queen’s? Glanadh eitneach ar siúl agaibh. Teangadhíothú. Just, go bhfios daoibh. Ar nós a rinne Trujillo.