![]() |
Is féidir a ceapadh nach bhfuil sa scannán seo ach scéal steiréipiciúil: the fightin’ Irish. Tá i bhfad níos mó ná sin ann. Tá anam ann. |
Muidne a théann thar lear, déanaimid ár ndícheall ar son na tíre. Mar a chan Dolores Keane téimid through the points that needed proving le rá: Tá muid anseo agus is fiú sinn. Bíodh meas agat orainn, Éire. Ach ní dhéanann an tír dóthain ar son baile Sheáin, Ros Muc, ná ar son na Gaeilge. Tá iarracht sa scannán seo meas a thabhairt don áit agus do dhuine dár ndeoraithe a sheas an fód le misneach.
Bhuail sé sin go láidir mé. An-chumhacht ann.
Rud eile a bhuail mé ná má tá drochdhaoine sa cheantar agus tá an áit an-bheag, deacair éalú uathu. Ag breathnú ar Nee agus ag éisteacht le scéal Whitey, bhí an chodarsnacht idir iad agus Seán ollmhór. Bhí Seán ag iarraidh meas a thabhairt dá chultúr is dá mhuintir, ní raibh na diabhail eile.
Smaoinigh mé freisin ar an mí-ádh duine ar nós Domhnall O Lubhlaí a bheith acu i Ros Muc agus an dán conspóideach sin a scríobh Pearse. Cheap mé gurb ait go raibh an radharc ar Ros Muc ón aer i bhfad níos mó ná ar an talamh. Rud nach bhfeicimid féin. Iarghúlta? Cinnte. Álainn? Cinnte. Uaigneach. Cinnte. Maith iad a choinníonn ár gcultúr láidir ann.
Meas do Sheán agus do Cháit Ní Mhainnín a mhúin mé fadó is í ag caint le cion faoina ceantar lom sceirdiúil gan foscadh ná dídean ó na gálaí gaoithe a thagann isteach ón fharraige mhór. Álainn Seán a fheiceáil fós compórdach lena theanga féin, rud nach bhfuil fíor do go leor, leor daoine sa bhaile in Éirinn. Bhí mé féin le Meiriceánaigh in LA ag labhairt Gaeilge roimh agus i ndiaidh an scannáin.
Ní hé his own worst enemy, Seán. A mhalairt. Sheas sé an fód, ní don airgead ach do rud i bhFAD, i bhFAD níos tábhachtaí. Meas. Is thuill sé an meas sin.
Ardmholadh do Rónan Mac Con Iomaire, Marty Walsh, agus Micheal Patrick Mac Donald. Ardmheas agam oraibh! Míle maith agaibh as an scéal fíorthábhachtach seo a insint. |
Thar gach rud eile, tá an scannán seo faoi People (daoine), Human beings, mar a mhínigh Seán dúinn é. Dá mbeadh ceannairí againn a thuigfeadh an thábhacht sin, bheadh muid togha.
Mé fós ag smaoineamh faoi.
Inspioráid ann.