Níor roghnaigh muintir na hÉireann an Dialathas atá againn. Ní roghnaíonn páistí ar scoil paidreacha a rá. Na mílte múinteoirí ann nár roghnaigh reiligiún a mhúineadh sna scoileanna ‘náisiúnta’ ar fud na tíre ach tuigeann siad gur chuid den jab é agus go gcaithfidh siad é a mhúineadh is na páistí a thabhairt ag an séipéal leo le cleachtadh don Chéad Comaoineach srl. Is cuma nach gcreideann na múinteoirí féin a mhúineann siad: sin an chumhacht ag an Eaglais in Éirinn. Tá 90%+ de na scoileanna acu.
Is ní in Éirinn amháin atá an Eaglais lofa. Seo a tharla sa Spáinn. Rudaí uafásacha feicthe agam féin i scoileanna Chaitleacha i SAM. Tuig a dhéanann siad.
Gunnaí an fhadhb i SAM. Sléacht is sléacht is sléacht eile is deireadh ar bith leis. An Eaglais an fhadhb in Éirinn. Scannal is scannal is scannal eile is deireadh ar bith leis. Cé a roghnaigh é? Níl rogha i bhFaisisteachas, i nDialathas, i gcóras McQuaid.
Seo atá Richard Bruton ag iarraidh:
Seo atá mícheart leis:
Seo atá de dhíth:
Lá an Chumais ag teacht. Gabh seilbh ar na scoileanna agus caith amach an Eaglais. Coinnigh gach rud atá maith mar atá sna scoileanna ach bain gach uile ní a bhaineann leis an EAGLAis den áit.
Déan cinnte go mbeidh treanáil saor in aisce agus post nua ar fáil do gach duine a mhúin Teagasc Críostaí cheana.
Ansin, Eaglais, freagracht de dhíth as Magdalenes, Tuaim, Baile na gCros … chuile háit ar fud na tíre ina bhfuil leanaí caite sa chré gan a n-ainmneacha os a gcinn. Freagracht as páistí éignithe, goidthe, díolta. Freagracht as an gcaoi a ghoid siad cuimhne dínn ar ché muid féin. Freagracht as Churching, Fuath Ban, Tíorántacht srl.
An gcloiseann sibh é ag teacht?
Lá an Chumais:
Is le saoirse, beidh seans againn Éire a chur ina ceart. Beidh seans againn Éire a chur le chéile arís. Dóchas is dúchas i rím.