Katlyn agus scoláirí A ag casadh.
Curfá
Ní raibh riamh antráth, [muid] i gcónaí ar bís.
We were never too late, always anticipating.
O, nach againn a bheas na scéalta nuair a chasann [muid le chéile] aríst!
Oh, won’t we have such stories to tell when we meet again!
Ní bheidh aon aonró, ag fiorú na fís(e).
There’ll be no hardship, fulfilling the vision.
O, nach againn a bheas na scéalta nuair a chasann [muid le chéile] aríst, nuair a chasann ‘aríst!
Oh, won’t we have such stories to tell when we meet again, when we meet again!
Rap 1
Yeah X2 ,cinnte, b’fhiú
Yeah X2, sure it was worth it
Gach uair a rug muid bua
Every time we won
Nuair nach é a shásann tú.
When that’s not what makes you glad.
Beidh muid ag dul i neart ón lá inniu
We’ll get stronger from this day on
I gcónaí ag athrú traic
Always changing tracks
Muid ag dul ar aistir bóthair. B’shin an chraic.
Going on our road trip. That was the fun.
Ag tiomáint thart is ag tarraingt raic.
Driving around and attracting uproar.
Ní dhéarrfaidh muid, Stop.
We won’t say, Stop.
Croch do cheann go bhfeicfidh tú an t-ollphictiúir.
Hold your head up until you see the full picture.
Mo chara cléibh,
My dearest friend,
‘Sé mo thrua géar [go bhfuil]
It sorely pains me [that]
Tú imithe anois i bhfad i gcéin.
You’ve gone far away now.
Réamhchurfá
Cén chaoi nach n-aireoidh mise uaim thú, ós tusa is giorra dhom?
How could I not miss you when you’re the closest to me?
Na heachtraí a bhí againn is tú seasamh in aice liom.
The adventures we had with you standing beside me.
Ag déanamh míle dícheall mar a thaispeáin tú dom.
I do my very best like you showed me how.
Curfá
Rap 2
Gach rud ag athrú timpeall
Everything’s turning around
Ag aireachtáil níos cinnte.
Feeling surer.
Grá ag dul i dtreise
Love getting stronger
Nasc nach féidir briseadh.
A link that cannot be broken.
Sin anois ár gcreideamh
That is now our faith
Ag fanacht ar an am.
Waiting for the time.
Bráithre muide chóiche,
Brothers [are we] forever,
Banna atá dochlóite.
An unbeatable band.
Seasfaidh muid le bród;
We’ll stand with pride;
Ní ghéillfidh muid go deo.
We’ll never yield.
[Muid] Tagtha ag an bpointe
[We’ve] come to the point
Cuimhnigh ormsa gan mé ann.
Remember me though I’m not there.
Réamhchurfá
Cén chaoi nach n-aireoidh mise uaim thú, ós tusa is giorra dhom?
How could I not miss you when you’re the closest to me?
Na heachtraí a bhí againn is tú seasamh in aice liom.
The adventures we had with you standing beside me.
Ag déanamh na míle dícheall mar a thaispeáin tú dom.
I do my very best like you showed me how.
Do sheol breá, lig siar.
Let loose your fine sail.
Sea, cuimhní fágtha ar an taobh .
Yes, memories will be left aside.
Is pé [ar bith] borradh fhéin [atá ann] go dté tú i gcónaí slán, slán, slán…
And no matter what surge may rise on your voyage, travel safe, safe, safe…
Curfá