Ghoid an Eaglais páistí agus dhíol siad iad. In Éirinn. Chuidigh an rialtas leo. Sin Dialathas. Ní dheachaigh éinne go príosún faoi.
D’iarr an t-uachtarán ar na Magdalenes maithiúnas a bheith acu agus gan bheith searbh. De ghnáth bíonn ardmheas agam ar Micheal D. ACH seo botún OLLMHÓR. Ar scríobh tú fhéin seo, a Uachtaráin? Ar scríobh duine éigin eile duit é?
Agus na gardaí i ndhá líne ag fanacht le fáilte a chur roimh na Magdalenes? Cé a smaoinigh ar sin? Mar ní raibh duine acu sinn i bpríosún as a rinne na gardaí dóibh. ACH bhí na mná i bpríosún i bhfad is go deo sa chaoi nach bhfuil éalú riamh ón gcéasadh sin.
Maithiúnas? MAITHIÚNAS? Agus muid fós an troid in aghaidh na hEaglaise lenár gcearta daonna a bhaint amach? Ní dóigh liom é. Agus iad fós ag spoutáil fuath? Is iad fós lán le drochmheas ar mhná is ar dhaoine aerach.
FREAGRACHT atá de dhíth. Is cibé a deireann siad faoi mhaithiúnas is trócaire is grá is Dia, tuig go bhfuilimid ag caint faoin dream a scrios an saol do na mílte, mílte in Éirinn le airgead a fháil dóibh féin. Mar atá Trump ag déanamh anois ACH níos measa.
Is FÓS níl éinne i bpríosún faoi.
MAITHIÚNAS?
Sin a mhúin siad dúinn ar scoil. Éigniú na hinchinne ón gcéad lá ar scoil. Meas don Eaglais is na sagairt is easpaig síos an scórnach, beathú iallaithe. Creidim in aon Dia amháin agus an Eaglais uilechumhacht ag rith trínár bhféithe. Gach duine ciontach ach iad. Sin cleas duit!
ACH
TÁ SIAD IOMLÁN CIONTACH agus TÁ SIAD FÓS I gCEANNAS AR OIDEACHAS NA TÍRE.
Ar nós Trump, bréaga ar fad a thagann uathu: is trua linn a tharla. Meas do na páistí.
MAR DHEA
Bhí fuath agus déistin acu ar leanaí & mhná i gcónaí is níl sin athraithe AR CHOR AR BITH. Níl sé athraithe ó am McQuaid. Níos fearr anois, ceapann sibh?
Féach ar a deireann siad thíos go n-íocfaidh siad as an damáiste uafásach a rinne siad: am i bpríosú – am ar bith, fanacht amach ó scoileanna – diabhal seans, airgead – b’fhéidir ach ní mórán. Is breá leo a gCaravaggios ar an mballa, tuigeann sibh.
Íomhá thíos ó Andrew Brennan
Níl maithiúnathas ar bith tuillte acu. Níl croíthe acu. Céasadh le airgead a fháil acu.
Tuaim, Magdalenes, Peidifíligh, Mná díolta, Mná mar sclábhaithe, Páistí goidthe, Páistí díolta. Faisiteachas. Sin atá againn FÓS fhad is atá cumhacht acu, fhad is nach gcuirtear stop leo le freagracht.
Tóg na scoileanna. Linne iad. Caith an Eaglais amach uathu agus bíodh daoine freagrach as a rinne siad.
Seo an Bon Secours (dream an Tuam Babies) le brat na Vatacáine acu ar dhá thaobh in aice le Ollscoil Chorcaigh! Craiceáilte! IOMLÁN craiceáilte! COIR! Ná glac leis níos mó.
Caill an dallamullóg. Bain gach atá acu uathu. Bíodh an tír saor ón damáiste a dhéanann siad. Ar son na tíre. Ar son cothram na féinne. Ar son gach bean is páiste a d’fhulaing, cuir an ruaig orthu.
Muna bhfuil fuath agus déistin ort ar a rinne siad, tú ciontach as ligint dá bhfuath is déistin is faisisteachas leanúint ar aghaidh. Go hifreann le maithiúnas.
Freagracht, ANOIS.