1. A: Dia duit. / Haigh
B: Dia is Muire duit. /Haigh
2. A: Cad é mar atá tú? /Cén chaoi a bhfuil tú? /Conas atá tú?
B: Go maith /Go breá /Maith go leor. Agus tú féin? An bhfuil tú go maith?
A: Tá. Go raibh maith agat.
3. A: Cad is ainm duit? / Cén t-ainm atá ort?/ C’ainm atá ort?
B: ….. is ainm dom / …. atá orm./ Is mise …. Cad is ainm duitse? / Cén t-ainm atá ortsa?
4. A: (Tá sé go) deas bualadh leat.
B: Deas bualadh leatsa.
5. A: Is mise ….
B: Is mise …
A: An-deas bualadh leat.
B: An-deas bualadh leatsa.
6. A. Seo é / í/iad…
B. Deas bualadh leat/libh ….
C: Deas bualadh leatsa /libhse freisin.
7. A: Cad é d’uimhir gutháin le do thoil? Do ríomhphost? / Do r-phost?
B: 0 A náid, 1 a haon, 2 a dó, 3 a trí, 4 a ceathair, 5 a cúig, 6 a sé, 7 a seacht, 8 a hocht,9 a naoi, 10 a deich / …. ag …ponc…. /
A: Go raibh maith agat. Agus d’eolas led’ thoil?
8. A: Caithfidh mé imeacht. Slán agat.
B: Slán leat. / Slán abhaile. ‘Súil agam go mbuailfimid le chéile arís.
9.
m t é í nn bh d
mé tú sé sí sinn sibh siad
mise tusa eisean ise sinne sibhse siadsan
dom duit dó di dúinn daoibh dóibh
domsa duitse
orm ort air uirthi orainn oraibh orthu
ormsa ortsa
sinn/ sinne ► muid/muidne
10.
A. Dia duit
B. Dia is Muire duit.
A. Cén chaoi bhfuil tú?
B. Go maith agus tú féin?
A. Go breá, go raibh maith agat.
B. Is mise ….
A. Is mise… An-deas bualadh leat.
B. An-deas bualadh leatsa freisin.
A. Cé hé an fear sin?
B. Sin Brian, mo chara.
A. Cén t-ainm atá ar an mbean atá leis?
B. Sin Máire.
A. A, go raibh maith agat.
B. An bhfuil aithne agat orthu?
A. Níl.
B. Gabh mo leithscéal ach caithfidh mé imeacht.
A: Slán
11.
A. Gabh mo leithscéal ach an féidir liom m’uimhir gutháin a thabhairt duit?
Ba mhaith liom caint leat arís.
B. Maith go leor.
A: Seo duit.
B: 818 991 1932, an ea?
A. Sea. Raight.
B. Fan. Tabharfaidh mé mo r-phost duitse. Síle @aol.com
A. Go raibh maith agat.