Mar tá impireacht i gceannas. Faisiteachas fós linn.
Dóibh siúd ag ceistiú cén fáth nach bhfuil daoine ag screadadh go hard faoi atá ag tarlú do na páistí i SAM anois, cuirigí an cheist seo oraibh féin: cén fáth nach bhfuilimid in Éirinn ag screadadh amach go hard faoi Eaglais na Magdalenes fós bheith i gceannas ar scoileanna na tíre?
Cé a ligfeadh do dhream ciontach as coireanna in aghaidh na daonnachta bheith i gceannas ar rud ar bith? Ní i SAM. Ní i gceannas ar oideachas na hÉireann.
Mar sin, nuair nach dtuigeann tú, smaoinigh is tuig go bhfuil turas fada go dtí an pointe seo. D’éignigh siad ár n-inchinn le bolscaireacht ó bhíomar an-óg. Dúradh linn bheith múinte. Nuair a rinneamar rud as bealach, bhíomar ciontach. Nuair a rinne siad rud as bealach, eisceacht a bhí ann is bhí maithiúnas ag teastáil, ar siad linn. Respect for the office, ar siad i SAM. Religious freedom, ar siad in Éirinn.
Impireacht an fhadhb: iad a ghoid agus a scar leanaí óna dtuismitheoirí is a dhíol iad i SAM (sclábhaíocht fadó, príosúin anois) agus in Éirinn (Eaglais fós ag fáil airgid is ag múineadh rudaí do na páistí nach gcreideann na tuismitheoirí is iad lán le cumhacht sna scoileanna).
Aithin an fhadhb. Tuig cé chomh cleachtaithe is atáimid leis an bhfeall go ndéanaimid dearmad. Denial Central: my country is better than that! ach an bhfuil sí? An raibh sí riamh? Tuig nuair nach gceartaíar cúrsaí le freagracht go leanann an dochar ar aghaidh, ag fás, agus ag méadú. Aithin an namhaid.
Agus, ar ndóigh na Magdalenes, peidifíligh atá siad fós ag cosaint, Tuaim srl ssrl srl.
Coireanna. Freagracht de dhíth. Am i bpríosún agus cumhacht bainte ón dream ciontach atá de dhíth. I SAM agus in Éirinn.
Cad a dhéanfaimid?
Boycott. I SAM ar gach duine is grúpa a bhaineann tairbhe as an gcruálacht. Ar gach duine a thugann tacaíocht do Trump et al.
In Éirinn ar gach duine is grúpa a bhaineann tairbhe as greim na hEaglaise ar an tír. Diúltú reiligiún a mhúineadh sna scoileanna agus diúltú bheith ag obair i seomra ina bhfuil iompúchán ann le siombail na hEaglaise de dhíth. An INTO srl le dhíth sa troid seo. Cinntiú go mbeidh postanna nua le fáil do dhaoine a mhúin reiligiún cheana.
Scar oideachas ón Eaglais. An Pápa ag teacht, ná ceannnaigí ticéidí. Ná tógaigí páistí scoile ann. NÁ ligigí do na scoileanna bhur bpáistí a thabhairt ann ná caint faoi fiú. Bígí ansin, daoine fásta, le teachtaireacht láidir don cheannaire ar dhream ciontach (An Eaglais) as coireanna in aghaidh na daonnachta. Ar nós a tharla i The Handmaid’s Tale le rá leis
We believe the women
It’s sad what they’ve done to us, is neart fós inár measc nach bhfeiceann an fhadhb, nach dtuigeann nár chóir go mbeadh fáilte roimh cheannaire mar sin inár dtír, in aon tír.
Ná déanaigí dearmad
Ná déanaigí dearmad
NÁ FANAIGÍ CIÚIN FAOI.
DÉANAIMIS AN RUD CEART. Mar TÁ guth againn. Níl ag na leanaí ná ag na Magdalenes nach bhfuil linn níos mó.
Nuair atá bán dubh is dubh bán , caithfidh duine éigin muid a shábháil!
Míniú Hollywood ar an Scéal Uafáis Mheiriceáatá ag tarlú anois.
Cuid 1: An Fhadhb sa Scannán
A. Finscéal
Hollywood. Scannán. Finscéal. Fear amháin (gnáthfhear) a stopfaidh na daoine (eachtrannaigh) atá ag robáil airgid ón bhFoirgneamh Nakatomi. Ní thuigeann daoine eile atá ar siúl acu. Ceapann siad gur sceimhlitheoirí iad na heachtrannaigh agus mar sin tá muintir na cathrach sásta aon rud ar mhaith leis na droch-hombres sin a thabhairt dóibh. Na póilíní is daoine mór le rá ag iarraidh daoine maithe a shábháil. Ar nós seamróga a ofráil do thíoránach ag súil go mbeannódh sé gnó i do thír, ar bhealach.Ach ar ais ag an scéal. An finscéal seo. Droch-hombres. Gearmánaigh le bheith soiléir. Gunnaí. Pléascthaí. Laoch Meireacánach nach bhfuil chomh hoillte leis an droch-hombre is measa, Hans Gruber. Sábháileann an Meireacánach na daoine maithe. Ar ndóigh.
Cé go ndeireann daoine anseo go dtaitníonn duine le culaith táilliúrtha is blas eachtrannach go mór leo, ní mhaireann an grá sin i bhfad de ghnáth. Tá sé múinte a rá: Is breá liom do bhlas. Ach do go leor daoine, níl siad ar a sáimhín só ach amháin lena ndream féin a labhraíonn cosúil leo. Is fuath le go leor daoine anseo fothidil ar scannáin. Seans nár thaisteal siad riamh thar sáile. Is dá bhféadfadh siad é a admháil, b’fhearr leo breathnú ar ghnáthdhuine a oibríonn go dian ag fáil an lámh in uachtar ar scothroghnach. Níos fearr fós le gunnaí is pléascthaí sna scannáin.
Nuair atá bán dubh is dubh bán, caithfidh duine éigean muid a shábháil!
Insíonn Hans Gruber bréaga. Creideann daoine é. Déanann sé trácht ar ghrúpa éagsúla ar léigh sé fúthu. Cleas. Caith rud amach agus féach ar dhaoine ag rith ar fud na háite ag iarraidh a oibriú amach céard atá uait. Ag iarraidh Hans a shásamh. Iad ag ceapadh go ndéanfaidh sé sin difríocht. Mar níl siad cleachtaithe deighleáil le daoine nach bhfuil réasúnta. Creideann siad Hans. Más tú an droch-hombre, ní féidir leat fhéin a chreidiúint cé chomh dúr is atá siad. Cé chomh héasca is atá sé.
Cuid den fhírinne ina dúirt Hans thuas. Tá na grúpaí sin ann, nó bhí. Ach tá dubh bán is bán dubh sa leagan seo is ná creid focal uaidh. Dallamullóg ar siúl acu. Finscéal.
B. An Fhadhb i nDáiríre i Meiriceá 2017
Cé hé Gruber sa scéal i ndáiríre i SAM anois? Trump nó Bannon? Cuireann Bannon an Gearmánach i gcuimhne dúinn mar is Naitsí é Bannon. Caithimid fáil réidh le téarmaí mar Alt-Right, Populist is Nationalist. Níl ciall leo. Abair an fhírinne go soiléir. Abair Naitsí. Cuid den fhadhb ná nár thuig pobal SAM céard a bhí siad ag déanamh is iad ag vótáil mar dhíol na meáin bréaga dóibh gléasta suas mar ‘nuacht.’
Seo fís a chuir rialtas SAM amach i 1943.
In áit caint ar Snowflakes, ba chóir go mbeadh caint anois ar Suckers ar an taobh eile. Stair dearmadtha ag daoine. Tugann na meáin agus an pobal tacaíocht d’fhuathchaint nó fanann siad ciúin. Iad ‘múinte.’
Dearcadh. Múinte sa chultúr anseo i SAM bheith béasach. Téann siad thar fóir leis scaití. Géilleach. Ná bí béasach leis an fhírinne má cheapann daoine nach bhfuil siad i gcontúirt nuair atá siad. Sin dallamullóg. Cumarsáid #1. Ardmheas do Der Spiegel.
Conas ar chreid siad é?
Patriotism, Dílseacht, agus Géilleadh
Ní hionann Patriotism mar a thuigeann na Meireacánaigh é agus Tírghrá againne. Tá an focal sa Bhéarla fireann. Pater. Athair leis an lámh in uachtar. Caithfidh muid bheith dílis dó is géilleadh do gach a deireann sé curtha in iúl leis. Law & Order atá ó Trump, deireann sé. Lex et Ordo.
Le America First, United We Stand agus toghchán Winner Takes All, níl fáilte roimh easaontais. Caithfear bheith dílis agus géilleadh. Iad cliste leis na focail a roghnaíonn siad.
Dallamullóg
Is Bannon ag caint, amantaí is féidir a ceapadh go bhfuil sé cosúil le Sanders. É ag tabhairt amach faoi na daoine ag obair go crua ach nach bhfuil dóthain acu, chomh costasach is atá sé freastal ar ollscoil, na daoine a chaill a dtithe do na baincéirí. Ach anois tá sé ag obair leis an dream is saibhre nach dtuigeann bochtaineacht agus drochmheas orthu ar oibritheoirí, le DeVos a gheobhaidh réidh le oideachas saor in aisce, le Mnuchin a ghoid tithe ó dhaoine
Bréaga ar fad a bhí aige.
Nuair atá bán dubh is dubh bán , caithfidh duine éigean muid a shábháil!
Dúisím gach maidin anseo mar a dhúisíonn go leor daoine anseo, ag súil gur tromluí a bhí ann, ag súil gur shábháil duine muid agus beidh scéal faoi sna nuachtáin ag rá go bhfuil siad imithe. Ach níor stop éinne é. Roimh an toghchán ná anois. Gach lá bíonn orainn breathnú ar aghaidh Trump ar an scáileáin is Bannon leis scaití is iad sa Teach Bán ag déanamh rudaí uafásacha chomh tapaidh agus is féidir leo.
Mná níos láidre sa troid seo in aghaidh Trump et al. mar is Trigger é Trump féin. Gach uair a fheicimid a íomhá, tagann cuimhní ar ais ar na daoine a rinne ionsaithe orainn. Tráma sa tír. An aghaidh oráiste sin ag lascadh muid le pian. Chreid daoine a bhréaga?! Dochreidthe dúinn a thuigeann an feall.
Bréaga Trump:
Deireann sé go ndéanfaidh sé Meiriceá GREAT arís. Bréag. Dhá rud ansin. 1. Cén uair a bhí sé GREAT? 2. Déanfaidh sé Meiriceá BÁN arís atá i gceist aige. Le bheith soiléir, beidh cúrsa GREAT do dhream beag le go leor, leor airgid. Ciníochas láidir ann.
Is aoibhinn leis Meiriceánaigh. Bréag. Tá an tír seo lán le heachtrannaigh agus is fuath leis iad. Tá sé i ngrá le duine amháin. É féin. Sracfhéachint mícheart, dar leis, is beidh tú i dtrioblóid.
Is aoibhinn leis mná. Bréag. Níl duine seachas é féin sábháilte. Ní a bhean ná a bpáistí fiú. Yipikaye Motherfucker! Is féidir a shamhlú go mbeadh an t-ainm sin oiriúnach dó. ‘Fhios againn gur ionsaí sé a bhean Ivana, gur ionsaí sé go leor ban eile, agus seans mhaith gur éignigh sé páiste. Rudaí gan cearta iad mná le pléisiúir a thabhairt dó, dar leis.
Tá sé go maith ag gnó. Bréag. Is breá leis rudaí a scriosadh. Ní éisteoidh sé le daoine a thabharfaidh deachomhairle dó. Níl an téarma, Bulaí, sách láidir do. Is Tíoránach é. An drochmheas céanna aige ar gach rud ach é féin. É cinnte go bhfuil an ceart aige i gcónaí, is cuma cé chomh mícheart is atá sé. Is teipeann air i mbeagnach gach a dhéanann sé. Sin an fáth a dhéanann sé troid. Lena bhealach féin a bhaint amach le foréigean is bagairtí mar níl dóthain scil aige an bua a bheith aige in aon chaoi eile.
Beidh sé cothrom. Bréag. Is breá leis airgead, aird an phobail, agus cumhacht. Bainfidh sé míúsáid as an trí rud seo. Níl an domhan mórthimpeall air ann ach ar chúis amháin, dar leis: le é a shásamh. Má oibríonn duine in aghaidh a phléisiúr, bainfidh sé díoltas amach is bainfidh sé taitneamh as iad a fheiceáil ag fulaingt.
Abair go bhfuil na daoine a chreideann thú cliste. Bain úsáid as an bhfocal Dílis. Abair leo gur féidir leat rud AR BITH a dhéanamh. Cuir ag gáire iad go gceapfaidh siad nach bhfuil ach jóc ann agus BÚM, déanta!
RoghnaighTrump na daoine is measa sa tír le ‘aire a thabhairt’ don tír. Ach ní raibh sé i gceist aige riamh go mbeadh siad ag tabhairt aire d’aon rud ach é féin. É ag iarraidh an tír a scriosadh agus saibhreas a bhaint as dó féin is a chairde. Ar nós gadaí i bhFoirgneamh Nakatomi. Nó an sléacht nár tharla i mBowling Green. ACH tá sléacht ag teacht is scriosadh is goid muna gcuirtear stop leis. Ní finscéal é sin.
Níor thosaigh tréas le Trump. Thosaigh sé nuair a ghoid daoine an talamh seo ar dtús. B’shin coir in aghaidh na Meiriceánach Dúchasach. Ach b’fhearr le daoine gan smaoineamh ar sin mar tá an tréas i bhfad níos soiléire le Trump anois agus an chontúirt níos géire do na Stáit Aontaithe (nach bhfuil i ndáiríre aontaithe) féin. Tá sé níos soiléire anois ná an tréas a d’fhág na milliúin marbh thar lear mar gheall ar saint agus feall SAM le blianta fada anuas.
Bunaíodh SAM ar choir. Ní le Founding Fathers ráite ar nós caint faoi Dhia. Ní Bíobla é bunreacht na tíre. Níl an stair oifigiúil ceart mar ní scéal álainn é.
Bréaga SAM:
Ní #1 í SAM. Níorbh í riamh. Níl ‘checks & balances’ ann. Ní raibh riamh. Níl daonlathas anseo. Ní raibh riamh. Níl SAM saor. Ní raibh riamh. Níl an tír truachroíoch. Ní raibh riamh. Ach tá na daoine: an chuid is mó de na daoine truachroíoch agus maith. Rud a scriosann na meáin rómhinic lena mbréaga.
Chuir SAM ionadh orm ón tús. Sular thóg mé pictiúirí den tír seo, bhí mé ag bailiú íomhánna i mo chloigeann de thír a rinne tinn mé. Snapshots. Ag scoil rince, ar thaobh an bhóthair, ag an siopa thug mé faoi deara an fhadhb le SAM.
Taobh amuigh de scoil rince i Ventura, bhí máthair ag maíomh faoi a bhí ar eolas ag a hiníon. Cuir ceist ar bith ar uirthi faoi uachtaráin Mheiriceá, ar sí go láidir linn. D’fhéach mé ar an gcailín beag. Ba léir gur chuir an mháthair iachall uirthi stair a chur de glanmheabhair agus nach raibh áthas ar an gcailín beag faoi ar chor ar bith. Tost ar na máithreacha eile a thuig a bhí ag tarlú. Bhris mé an tost. Ceart go leor, ar mé. Bhí gliondar ar an máthair. Ceist ar bith, ar sí, lánchinnte di féin. D’fhéach mé ar an gcailín óg gan cumhacht aici sa chluiche seo is roghnaigh mé mo cheist. Labhair mé go lách léi. Cé mhéad bean a bhí ina uachtaráin ar an dtír seo? a d’iarr mé. Ní raibh seans ag an gcailín freagra a thabhairt. Thug an máthair fúm le racht feirge is tharraing sí an cailín bocht abhaile léi. Ní dhearna mé dearmad ar an eachtra sin.
Gar don áit ina bhfuil cónaí orm, bíonn daoine ar thaobh an bhóthair anseo ag lorg oibre. Ar nós an Spailpín Fánach san amhrán againne. Chuir sé ionadh an domhain orm go raibh seo ag tarlú i dtír shaibhir. Chuala mé daoine ag tabhairt amach fúthu is ciníochas láidir ann cé go raibh na daoine céanna ag úsáid daoine mar sin le remodeling a dhéanamh ar a dtithe. D’inis mo pháistí dom, is iad fásta, faoin gcaoi is iad óg inar scread cuid de na páistí ar an mbus scoile amach tríd an bhfuinneog ag na spailpíní fánacha sin ar thaobh an bhóthair: The migra is coming! Faoin gcaoi andearna na páistí sin gáire nuair a rith na Spailpíní ón áit sin, lán le heagla go raibh na póilíní ag teacht le iad a sheoladh ar ais go dtí a dtíortha féin. Nuair a roghnaigh mé Spáinnis a fhoghlaim san ollscoil, d’iarr comharsa orm, Do you want to become a maid? Seo SAM. Ciníochas láidir anseo le fada. Gléasta le focail a choinníonn faoi cheilt é go minic ach i gcónaí ann. Go hoscailte anois.
Ag an siopa, nuair a tháinig mé anseo, thug mé faoi deara go raibh na daoine ag obair ag an gcuntar amach i gcónaí ina seasamh. Fadhb agam féin le mo chosa. Ní féidir liom fanacht i mo sheasamh i bhfad. Mar a chonaic mé é, bhí sé ait nach raibh suíochán ar fáil dóibh. D’ofráil mé suíocháin a cheannach dóibh agus tháinig rath feirge ar an mbainisteoir a mhínigh dom go raibh oibritheoirí leithsciúil agus nár chóir ligint dóibh suí síos. Rudaí mar sin cloiste agam go minic. Meas ar bith acu ar oibritheoirí.
Bhí mé ag fáil pictiúr soiléir den tír.
Cé atá ciontach?
Bhí Obama as bealach mar bhí cogaidh ar siúl ar fud na cruinne aige is daoine ar nós na spailpíní fánacha seolta abhaile níos mó ná mar a tharla in am Bush. Ach ní bheidh freagracht ann. Bhí Bush as bealach lena chéasadh is cogaidh a thug cumhacht do ISIS. Ach ní bheidh freagracht ann. Bhí GACH uachtarán as bealach ó bhunaíodh an ‘tír’ seo mar impiriúlachas a bhí is atá ann. Ní bheidh freagracht ann dóibh. Nuair nach bhfuil freagracht ann, muid a rá leis na diabhail: Ar aghaidh libh. Níl teorainn leis an dochar gur féidir libh a dhéanamh. Níl na Poblachtánaigh ná na Daonlathaithe le trust níos mó. Iad a thug Trump et al dúinn.
Cuid 2: Réiteach
Níl Bruce Willis ag teacht le muid a shábháil.
Ní leor fáil réidh le Trump mar beidh Pence ann is tá sé níos measa. Ní duine nó beirt an fhadhb anois ach chuile dhuine a chuir siad isteach ina ‘rialtas’ a ghoid siad. Goilleann sé go mór orm a rá go bhfuil an rud céanna uaim is atá ó Trump ACH ní sa chaoi céanna agus ní don chúis céanna. Caithfear an córas atá againn faoi láthair a bhriseadh is fáil réidh leis. Ní daonlathas atá anseo i SAM ná gar dó. B’fhearr le Trump Faisisteachas. B’fhearr liomsa Daonlathas.
Conas? Cuir an toghchán i neamhní. Níl aon bealach eile as. Ar nós Brexit, dhíol siad bréaga do dhaoine. Ní raibh ‘informed voters’ againn. Bhí lámh ag an Rúis ann. Bhí an bua ag Hillary le beagnach 3,000,000 vótaí. Soiléir cé a roghnaigh na daoine!
Bíodh plean againn: Manifesto. Céard atá uainn inár Manifesto? Uaimse?
Cúotaí: 50% den chumhacht ag na Dúchasaigh & 50% den chumacht ag Mná. Ionadaíocht chionmhar. Go leor páirtithe. Scaradh iomlán idir Stát agus Eaglais. Oideachas Saor in Aisce, saor ó iompúchán, saor ó mhionn dílseachta. Sláinte Saor in Aisce, saor ó iompúchán, saor ó mhionn dílseachta. Airgead AR BITH sa toghchán: am céanna do gach ionadaí ar na meáin poiblí saor in aisce. Iriseoireacht: ceadúnas bainte uathu a dhíolann bréaga mar ‘nuacht.’ Caithfear cearta daonna a úsáid mar threoir. Caithfear an timpeallacht is daoine a shábháil. Srl.
Ach ní leor mo thuairim. Caithfear an scéal a scaipeadh go mbeidh guth ag an bpobal ann. Chonaic mé an nath, Is treise na daoine ná an tiarna in iarsmalann ar Oileán Mhanainn. Bhí ormsa ar dtús fáil réidh leis an tuiscint amháin atá againn ar tiarna. Oideachas na heaglaise againn! Ní raibh muid in ann smaoineamh ar Tiarna ach mar Dhia. Stair níos leithne scriosta nuair a dhéanaimid sin.
Seo linn i SAM anois agus gá géar le tuiscint gur treise na daoine ná an tíoránach, An Fear Oráiste atá ag scriosadh maitheasa. Ar nós Godzilla. Ach níor thuig Godzilla céard a bhí sé ag déanamh. Tá an ardmhilleadh seo pearsanta agus díoltasach do Trump. É ag díriú ar gach a chuirfidh as do na daoine a cháin é is é ag scriosadh agus ag goid go fíochmhar.
Is treise muid. Sin a chreideann muid is na sluaite againn le chéile ag agóidí ar fud an domhain. Éasca ligint do tháimhe an lámh in uachtar a fháil. Éasca creidiúint go ndeiseoidh duine eile an fhadhb nó a ceapadh go n-oibreoidh gach rud amach go geall. Éasca focail níos deise ná tréas a roghnú ar nós Alternative Facts ach sin feall eile. Ná glacaimis le rialtas ar bith ach rialtas atá cothrom, rialtas a chomhlíonann na riachtanaisí inár Manifesto. Neart gur féidir a dhéanamh le sin a bhaint amach. Boycott. Gan cáin a íoc. Stailceanna. ACH ní foréigean! Ní scannán é.
Ní leor agóidí. Bhí agóidí ann in am Bush is níor stop siad é. Freagracht ar bith ann. Sin an fáth go caithfí an toghchán a chur i neamhní. Le na daoine lofa ar fad a chaitheamh amach.
D. Contúirt
Rabhadh. Beidh nóiméad ann is beidh folús ann agus daoine ag faire le bua a bhaint dínn i ngan fhios dúinn. Sin a tharla in Éirinn nuair a ghoid an Eaglais daonlathas uainn. McQuaid agus DeValera na feallairí an uair úd. Bímis réidh is ná bíodh spás ar bith acu lenár bplean a chur amú. Ní féidir dul ar aghaidh le tráma mar atá againn faoi láthair. Daoine ag fáil tinn mar gheall air. Gach lá nach gcaithtear amach é, fásann a chumhacht. DEIFIR! Sábháil SAM. Sábháil an domhan. Roghnaigh réasún is cothrom na féinne. Éinne ag éisteacht? Toghchán le cur ar neamhní ANOIS. Ná fan go suaimneach.
NUACHT: Eanáir 6, 2021 Spreag Trump slua le ionsaí a dhéanamh ar an gCaipeatól agus rinne siad é.
FÓS, níl freagracht ann!
Sin an teip is mó! Beidh cogadh sa tír mura gcuireann siad i bpríosún PRONTO. An t-uafás damáiste déanta aige ag tabhairt cúnamh do Covid-19 is na mílte ag fáil bháis de. Fós, freagracht ar bith.
Inniu. É ag tarlú. Trump ina uachtarán. Airím tinn. Muid tinn le fada anseo i SAM. Bhíomar tinn in am Bush ag ceapadh nach bhféadfadh sé dul in olcas. Bhíomar mícheart. Inniu tá an chumhacht is mór ar domhan faighte ag creachadóir a scriosfaidh gach atá roimhe. Tharla sé mar níor mhaith le daoine a admháil go bhfuil an córas briste. Nach raibh an córas riamh ceart. Go bhfuil SAM ag imirt feall ar na daoine sa tír seo le fada.
Is mé ag scríobh tá Trump tar éis teacht amach ó shéipéal le dul go dtí An Teach Bán. EAGLAis ar dtús. Oiriúnach. Tuig an lámh a bhí ag an EAGLAis sa choir seo. In am caint faoin bhfeall, faoi na bréaga, faoin impireacht a thóg Teach Chártaí di féin.
Ní raibh seans ag Sanders riamh. Ní raibh said chun ligint dó an córas a athrú. B’shin feall na daonlathasaithe. Ba chóir a mhíniú freisin cé go dtugann said daonlasaithe orthu féin nach daonlathas atá sa chóras anseo ach sorcas, seó, dallamullóg le cinntiú go mbeidh cumacht go deo ag an arm is na comhlachtaí móra.
Bagairt Sanders? Tuigeann sé sin is glaíonn sé amach na bréaga.
0:32 Is sochaí truachríoch í SAM, arsa Perry. Ní hea, arsa Sanders.
An ceart ag Sanders ach go dtí seo b’shin sacrailéid i SAM: an fhírinne a rá. Eiriceacht.
Tá an córas ar fad i SAM bunaithe ar bhréaga. Ar rudaí nár tharla. Ar leagan den scéal nach bhfuil fíor. Lá Altaithe agus araile. Na dúchasaigh agus na daoine cairdiúil ón tús, mar dhea! Tá an ficsean fuáilte le chéile le bladhmann, impireánacht, frásaí seanchaite, ómós chomh mór sin do Na Fir agus Mná Faoi Éide sa chaoi nach féidir foréigéan a cheistiú. An bratach naomhaithe acu ar nós Bíobla nach féidir a mhaslú. Sa chaoi sin, ní féidir ardréim na tíre a cheistiú.
Aithin na feallairí óna mbréaga, na frásaí in úsáid acu, an cur i gcéill. B’shin an cleas ag Bush agus Obama agus gach uile uachtarán sa tír. Sin an teanga a labharaíonn siad.
Bush ar dtús ag 0:41 leis na focail ceannan céanna is a bhí ag Perry thuas: We’re a ‘compassionate country.’ Tír truachríoch? Dáiríre? Is sibh ag búamáil an Iaráic le Shock & Awe, le fosfar bán, le cnuasbhuamaí? Ní hea!
Cé gur mhaith linn a ceapadh go raibh Obama go maith, ná dean dearmad go raibh arm SAM ag ionsaí go leor tíortha i ngan fhios do thromlach Mheiriceá is é i gceannas. Gur chuir Obama i bhfad níos mó daoine a sceith an fhírinne amach i bpríosún ná éinne roimhe. Déisteanach ar fad a tharla dóibh. Cás Chelsea Manning mar shampla. Gur sheol sé níos mó daoine gan a bpáipéirí oifigiúla acu ón dtír ná mar a rinne Bush.
Níor scaoil Obama saor an dúchasach Leonard Peltier. Mar baineann sé is a scéal le peaca na sinsear. Níor mhaith leo a admháil céard a tharla sa stair i ndáiríre. Mar a rugadh an tír seo. Mar a mharaigh said na dúchasaigh. Na bultúir a tháinig anseo is a ghoid ó na daoine is laige. Is ar an stair sin atá an tír seo bunaithe. Gan cead caint faoi. Deacair scoil a aimsiú i SAM a mhúineann teangachaí dúchasacha. Nuacht ar an mbosca go minic faoi Kate Middleton & banríon Shasana ach tada nuair a fhaigheann teanga dhúchasach bás. Ciníochas anseo le fada. Tá an troid fós ar siúl in aghaidh na dúchasaigh ag Coirthe (Standing Rock):
Troid fadó, troid fós sa tír seo agus cogaidh thar lear. Cé gur labhair Obama amach go minic ag moladh an airm, sheol sé iad thar lear is chuir sé iad ag stiúradh dróin ag marú daoine i dtíortha i bhfad i gcéin. Mar sin, in ainneoin na focail deasa lán le himpireánacht, ní raibh meas ag cuid mhaith acu san arm air.
Seo an feall. Caint ar thír iontach. Tír thruachríoch. Ní múintear bheith truachríoch anseo. Ní shin An Bhrionglóid Mheireacánach. Is féidir le duine ar bith bheith saibhir, an creideamh anseo. IS féidir bheith saibhir, b’fhéidir, más cuma leat faoi dhaoine eile is má tá tú go maith ag scriosadh daoine eile. Cluichí an Ocrais atá ann is an bua ag an duine leis an t-airgead is mó. Ach níl éinne le croí sásta mar sin. Mar tá saibhreas mar sin tinn, gan daonnacht, is cuma cén snas a chuireann siad air.
Nuair nach n-insítear an fhírinne, méadaíonn na bréaga. Nuair nach stopann tú na bultúir, éiríonn siad níos láidre. Nuair nach bhfuil freagracht ar bith nuair a thosaíonn duine cogadh leis an leithscéal gur Réamhionsaí atá ann ach tuigeann daoine go bhfuil saibhreas is ola uathu, nuair atá níos mó ná 1,000,000 fágtha marbh mar gheall air is grúpaí mar ISIS ag fás mar gheall air… nuair nach bhfuil freagracht AR BITH ar sin … bí lánchinnte go rachaidh cúrsaí in olcas.
Ach nil duine ar bith sásta Clinton, ná Bush, ná Obama, ná Trump a chur i bpríosún. Seasann SAM ar an bhficsean a chreideann daoine, ceapann siad. Ní féidir gach rud a d’fhoghlaim is a mhúin siad a athrú, ceapann siad. Is féidir. Ach ródhéanach anois. Tá deireadh na hImpireachta ar lár. Inniu. Tá an Bultúr is mó landáilte is scriosfaidh sé gan focail deasa. Ar a shon féin amháin. Mar is féidir leis. Mar baineann sé taitneamh as dochar a dhéanamh. Mar níor stop éinne é. Mar chuidigh na meáin leis.
An tsraith 24 ar siúl le céasadh a dhíol in am Bush. An Fear sa Chaisleán Ard ann anois roimh theacht Trump. Ag samhlú Meiriceá faoi na Nazis. Ní deireann sé go bhfuil an saol níos fearr mar sin ach is féidir a shamhlú go bhfuil grúpaí i SAM faoi láthair a chreidfidh sin. Mar is fearr leis na daoine le airgead níos mó airgid a fháil ná cabhrú le daoine eile.
Aithin go soiléir a tharla ach ná glac leis is ná géill.
Imithe Bán: literally ‘gone white,’ means to be gone mad or wild. GRMA @AnDuinnineach
United Hates agus Gombeen Men
Céard ba chúis leis an American Horror Story (grm Tomaí Rua) seo againn i 2016? Pócaí folamh is cloigeann tinn? Tá mo chloigeann tinn, cinnte. Ach níl mo phócaí folamh fós. Níor roghnaigh mise An Fear Oráiste. Roghnaigh go leor, leor daoine saibhre é agus beidh % beag acu i bhfad níos saibhre mar gheall air, ceapann siad. Ach, mo léan, ní bheidh éinne sásta ag an deireadh mar níl grá ag An Fear Oráiste ach do dhuine amháin: é féin. Scriosfaidh sé gach mórthimpeall air diaidh ar ndiaidh.
Cloigeann tinn ag daoine mórthimpeall orm mar nílimid in ann deighleáil le Fear Oráiste bheith i gceannas orainn. GML. Deighleáil le Fear Oráiste a bheith ag éigniú muid féin, ár gcairde, ár muintir, an tír agus an domhan a bhí i gceist leis an i gceannas sin. Tromluí. É ag teacht agus níl aon éalú uaidh.
Dúinne, na hÉireannaigh, thosaigh an tromluí seo le Brimeacht. Stairiúil agus dochreidthe. Bhuail an nuacht daoine. Chonaic tú é sa chaoi inar thóg siad céim siar. An tír in aice linn! Impireacht na Breataine lena Caisleán Buckingham, lena Pomp is Pageantry, lena hárasáin i Londain atá i bhfad ródhaor, lena BBC, lena Béarla snasta a dúirt: tuigim go bhfuilim níos fearr ná daoine eile mar tá mo thír uasal! Chreid siadsan Farage! Na hamadáin!
Nach dtuigeann siad go bhfuil an tír feiceáilte acu agus dochar ollmhór déanta acu do go leor daoine?
Cuid mhaith acu fós nach dtuigeann sin. Roinnt mhaith acu i Sasana a cheapann gur leo Éire. Cuid mhaith de mo dhaltaí i SAM a chreideann gur leis an Ríocht Aontaithe Éire. Creideann an tromlach nach bhfuil in Irish ach blas Éireannach ar Bhéarla. Tá bolscaireacht san leagan den stair a scaipeann siad. Ethnic Cleansing fós ceadaithe le focail. An Pomp is Pageantry cuid den ficsean a choinnigh an fhírinne uathu le fada. A mhúin Exceptionalism dóibh.
Agus anois…Sin Farage thuas ar tí dul suas an ardaitheoir órga agus é ag ceapadh go bhfuil an ticéad órga aige. Ní tusa Charlie, Farage, agus ní Willy Wonka é Trump. Ach anois, nuair a smaoiním air, bhí Charlie fionn le súile gorma agus bhí comhlacht mór ag Wonka. Ach, féach thar do ghualainn agus féach suas, Farage. Tuig d’áit sa chluiche seo. Contúirt á tuar duit. Mór an trua gur thosaigh tú an cluiche sa chéad áit.
Nach cliste sibh, Reuters leis an gceannlíne sin! Britain’s Brexit agus firebrand Farage. BB agus fF. Déarfainn go raibh lead an-sásta leis fhéin faoi. Ach tá difríocht idir fear a scrois tír is a d’fhág sceoin i gcroíthe an phobail agus Leading Brexit Campaigner. Agus sin feall. Tá Reuters agus na meáin i gcoiteanna ag daingniú an slíbhín Farage is á árdú le meas nach bhfuil tuillte aige.
Agus tógann sé sin go White Privilege muid.
Láidir i SAM. Muidne anseo ar dtús. Thángamar ar an Mayflower, a deireann daoine leat go bródúil. Deas tuiscint cé as a thagaimid agus cérbh iad ár sinsir ach i bhfad níos tábhachataí tuiscint cá seasann daoine ar chearta daonna anois. An iomarca acu róghafa le taispeáint gur leo an tír seo mar bhí siad ann ar dtús. Ní lucht an Mayflower a bhí anseo ar dtús, ar ndóigh. B’shin na dúchasaigh. Agus ag an bpointe seo, bheadh sé i bhfad níos fearr an tír a thabhairt ar ais dóibh ná ligint don bhFear Oráiste bheith i gceannas.
Fear Gorm v Fear Oráiste? Ciníochas láidir ach bheadh an bua ag Fear Gorm sa bhabhta sin dá mbeadh sé ann.
Fear Oráiste v Bean? Bean le oideachas is taithí? Sin thar fóir! Níl aon bhean ag dul a rá liom céard is féidir liom a dhéanamh!
Sin an meon atá ag an iomarca i SAM. Bhí bean os mo chomhair amach agus í ag insint dom faoin troid sa teach roimh an toghcháin mar dúirt a mac nach bhféadfadh bean bheith i gceannas ar thír is bhí a hiníon ar buile leis faoi. Ní raibh an máthair ar buile. Bhí sí ag fulaint. D’aithin mé an phian. Tugann muid aire dóibh, gach atá uathu dóibh, grá mór millteach dóibh is siúlann siad orainn. Tuigim. Bhí ‘fhios agam go mbeadh pósadh aerach againn roimh rogha do bhean mar d’fhéach daoine ar an troid aerach sin ar nós rud a ghortaigh na leads. Tuigim. I dtír ar bith beidh cos ar bolg ann agus i ngrúpa ar bith atá ag fulaingt, beidh cúrsaí níos measa do na mná. Tuig cás Patsey v Northup i 12 Years a Slave.
Cén chaoi ar thángamar anseo?
Bolscaireacht
Ba léir roimh i bhfad go raibh bolscaireacht ciontach as amadáin a dhéanamh de dhaoine trín cuid is measa iontu a mhealladh amach le heagla roimh bagairt. Is ag pointe áirithe, nílimid in ann deighleáil leis na meáin níos mó. Le na focail a sheacaint, féachaimid ar an gcúlra. Tá bán sa chúlra. Is sa chúlra sin, feicimid rudaí a deireann linn go bhfuilimid slán. Cros Bhríde mar shampla. Ar nós breathnú ar na scamaill ag samhlú íomhánna deasa iontu.
Ach, nuair a smaoiním air, cérbh í Bríd agus cén leagan den scéal sin a mhúin siad dúinn?
Leigh mé treoir inniu a bhféadfadh daoine a úsáid sa saol le cinntiú nach mbeidh an lámh in uachtar ag fuath. Is í Maeril a tharraing na pictiúirí agus a scríobh an chomhairle seo.
Tá an modh seo ar nós Michael Collins nuair a rinne sé caint ar Our refusal to bow to any law but our own. Creidim go láidir ann. An dlí agamsa? Cineáltas, daonnacht, cosaint le cúnamh.
Ná fan ciúin ach ná tabhair ardán do na bulaithe ach oiread. Ná géill ach ná dean troid ach oiread. Bain cumhacht de na diabhail go ciúin le ciall.
Cé go bhfuil an tsraith seo bunaithe ar chiapadh ioslamafóibic, baineann sé le ciapadh d’aon sort bunaithe ar ghnéasachas, ciníochas, drochmheas ar ghrúpa faoi leith…
Nuair a fheiceann tú bulaíocht, ná fan ciúin. Ná lig don diabhal leanúint ar aghaidh leis. Sin a rinne SAM. Thug siad ardán do Trump agus féach a tharla!
Anseo i SAM is na polaiteoirí ag rá seans a thabhairt go Trump (!!!!!),tháinig na daoine óga amach ar na sráideanna, bail ó na Déithe orthu! Is iad a thugann dóchas dom. Iad nach ligfidh d’fhuath an lámh in uachtar a fháil ar an tír, iad a chosnóidh daoine ó fhaisisteachas, rud nach bhfuil Hillary ná Obama ná éinne i Washington sásta a dhéanamh.
Bhí sé déistineach éisteacht leis na meáin ag caint fúthu ar nós caint faoi ainmhithe. Ar nós Katrina arís. Iad sna meáin dall do na rudaí is tábhachtaí. Ciníochas le cloisteáil uathu is tuiscint dá laghad acu ar atá na daoine óga seo ag fulaingt. Níos measa, is cuma leo faoi. Níos measa fós, drochmheas gránna acu orthu.
Tuiscint dá laghad sna meáin ar an dochar romhainn le Trump. Iad fós ag ligint orthu go bhfuil gach rud togha. Níl, ná gar do.
Tá fuath sa tír. Féach ar chlár faisnéise le Jorge Ramos faoi mar atá fuath ag fás sa tír.
D’imir Trump cleas nuair a d’iarr sé orthu an nglacfadh siad leis an tortha. Ná glac. Ná creid é. Ceistigh gach rud. Ná géill. Ar mhaithe na tire.
Forgiven? B’fhéidir gur fearr a rá go ligimid dóibh a rogha rud a dhéanamh. Nuair nach stopaimid iad, géillimid. Is géillimid i bhfad rómhinic!
Is iomaí uair a bhíonn maithiúnas éilithe ar mhaithe le coir a cheadú.
Ná déan maithiúnas ar olcas.
Ar mhaithe le SAM, ghéill Hillary do Trump. Déisteanach fiú an abair sin a scríobh. Ag smaoineamh ar an gcaoi inar shiúil sé mórthimpeall uirthi ar an stáidse os comhair an tsaol.
Le bheith soiléir, is beag meas atá agam ar Hillary mar géilleann sí féin don chóras a mhairíonn daoine i bhfad i gcéin. Ach tá an comhartha thuas sa chloigeann againn, curtha ansin ag cultúr lán le fuath ban, le Exceptionalism, Nativism is focail eile a thugann le fios go bhféachann siad orainn mar nithe nach bhfuil chomh tábhachtach leo féin.
Ná Géill!
Rudaí ceadaithe dóibh siúd nach bhfuil ceadaithe dúinne. Ní i dtír Trump amháin atá sé ach i ngach tír. Géilleadh gan teorainn. Ach le Trump beidh cúrsaí ag dul in olcas go tapaidh. Bímis réidh.
Troid romhainn. Ná géill.
Ceist
Cén fáth ar lig siad do Trump seo a dhéanamh?
Nár bhris sé is a mhac an dlí? Cé a bhí i gceannas? Cén fáth nár ghlaoigh siad amach an choir? Cén fáth nach bhfuil Trump is a mhac i dtrioblóid faoi?
Guth ar bith le rá: You may NOT look at her while she votes! Keep your eyes on your own paper or you will be charged with a violation of voting laws! ?
Tost. An raibh faitíos ar dhaoine? An gceapann siad go bhfuil sé drochbhéasach an choir a ghlaoch amach? Géilleann siad. Is nuair a ghéilleann, ceadaíonn siad an choir.
Is féidir liom mo rogha rud a dhéanamh, a deireann Trump. An ceart aige. Is tá chuile dhuine nach stopann é comhpháirteach sa choir lena gciúnas. Ciontach. Chuile uair a bhí sé as bealach, d’fhan siad siar is d’fhan siad ciúin ar nós faitíos orthu roimhe. Ghéill siad. Cheadaigh siad é.
TÁ athrú de dhíth in SAM. Freagracht uainn is daonlathas nach bhfuil againn faoi láthair.
Tá an t-uachtar scríobtha is blas lofa fágtha ina dhiaidh ar SAM. Uachtarán Trump. Tharla sé. Is tá neart daoine i SAM is ar fud an domhan tinn fiú ag samhlú an todhcaí leis.
Is mé ag scríobh tá na hulchabháin ag feadaíl go hard. Ar nós go dtuigeann siad go bhfuil dorchadas níos measa ná dorchadas na hoíche ar an saol anocht.
Donald Trump mar Uachtarán. You jest! Ní thabharfadh éinne an seans sin do dhuine gan meas aige ar an bPáirtí fiú! Ach thug, in ainneoin a dúirt sé futhu.
Cheap an domhan mór go roghnódh SAM i gceart. Diabhal dochreidthe uafásach ar thaobh amháin, bean a sheas don Status Quo ar an taobh eile. Bhí sé chomh héasca sin! Mhínigh Seth Meyes an rogha do dhaoine anseo.
Tugtha le fios nach mbíonn éinne riamh ag tabhairt vótaí do pháirtí at bith eile. Ní raibh siadsan ann ach mar ornú. Bheifeá craiceáilte vóta a chaitheamh dóibh, dúradh le daoine. Ná caith do vóta amú, mhol siad. D’éiligh siad. Is níor thuig an chuid is mó de na daoine go raibh siad ann fiú.
A two-horse race, ar siad. Is dhíol siad an rás at nós babhta iomrascála. Soilse, ceamairí, $$$$$$$$$$$$$$$, aicsean! Cead do chéile comhraic a mhaslú sa troid. Thuig Trump an cluiche sin. Crooked Hillary a ghlaoigh sé uirthi is níos measa. Is nuair a chuaigh sé thar fóir níor tharraing éinne siar é. A mhalairt. Bhí an Rúnséirbhís ann leis an Donald a chosaint.
Céard a tharla? Roghnaigh siad Trump? Níor roghnaigh siad Hillary? Nár léigh pobal SAM an script? Ach sin é, a chairde. Thuig said gur script a bhí ann. Is ní raibh siad sásta an cluiche sin a imirt níos mó. Bheith ina bpuipéidí. Ligint orthu go raibh rogha acu nuair nach raibh. Bhain Washington rogha de na daoine is bhí na daoine ar buile faoi.
Bhí comhrá faoi Bernie Sanders agus Jill Stein agam le Tomaí Rua i Malibu i mbliana is d’iarr sé orm an mbeadh an bua ag Bernie. D’fhreagair mé go mba cóir go mbeadh an bua ag Jill Stein ach nach raibh seans at bith aici gan am aici ná meas di ar na stáisiúin móra.
Thaitin Bernie go mór liom is bhí mé brónach is mé ag rá nach ligfeadh an Bhunaíocht dó an bua a bheith aige. Stopfaidís é. Mar bhí sé ró-dhifriúil. Ag iarraidh an iomarca a athrú. Bhí cumhacht agus airgead le cosaint acu. Thuig mé sin. Níor thuig mé ag an am go mbeadh an bua ag Trump.
Féach ar 3:10 anseo thuas. Níl daonlathas ag SAM ná aon rud gar dhó. Ní raibh le fada. Thuig Doug sa skit thuas é sin is na daoine a bhí ag imirt leo. Téimid ag vótáil mar deirtear linn go bhfuil sé de dhualgas orainn é sin a dhéanamh ach tuigimid nach bhfuil guth againn i ndáiríre. Thuig Trump go dtuigimid is d’úsáid sé an frustrachas a mhothaigh daoine.
Gheall sé Athrú dóibh. Gheall Bernie sin (athrú maith i gceist aige) ach mharaigh na Daonlathaigh a sheans. Níor gheall Hillary Athrú. Mhol na meáin a taithí ach b’shin Athrú Ar Bith a bhí siad ag geallúint. Muna bhfuil post agat, muna bhfuil meas ag an tír ar oibritheoirí, ar mháithreacha (an t-aon tír at domhan gan saoire mháithreachais), ar inimircigh (rinne Obama níos mó dochair ná Bush do na hinimircigh sa tír)…tá Athrú uait.
Cé atá ciontach?
Na Poblachtánaigh a lig dó dul san iomaíocht is nár stop é nuair a chuaigh sé thar fóir.
Na Meáin a thug an oiread sin ama do Trump ar an aer is a fhágann amach roinnt mhaith den tír. Smaoinigh go bhfeicimid San Fran, Nua Eabhrac agus LA ar an teilifís go rialta. Níl clú againn faoin saol atá ag daoine i lár na tire. Iad dofheicthe. Olc ar fad aireachtáil go bhfuil tú dofheicthe. Bheadh fearg ar dhuine ar bith faoi sin.
An Eaglais a thug tacaíocht dó nuair a gheall sé go raibh sé i gcoinne Stopadh (Termination). An oiread siad scoileanna is séipéil acu ar fud na tire. Cumhacht acu.
Is leis an Eaglais tagann aineolas is fuath: fuath ban go háirithe. Gnéasachas. Agus féach ar an mbeirt acu thuas is aithin go gciallaíonn Make America Great again, Make America White again i ndáiríre.
Bhí ról an-láidir ag ciníochas agus gnéasachas sa toghchán seo. B’é Trump a ghlaoigh Terrorists orthu atá san ngluaiseacht Black Lives Matter. Ar ndóigh tá faitíos ar mhná, ar dhaoine ó thíortha eile, orthu a labhraíonn Spáinnis, ar dhaoine gorma, ar dhaoine aeracha, ar éinne a chreideann i gcearta… le Trump i gceannas.
Mothaím féin frustrachas leis an gcóras ach ní hé Trump an duine le cúrsaí a fheabhsú.
Tá lucht Trump ag ceiliúradh anocht leis an # #DrainTheSwamp
Ghoid SAM rogha dínn. Ach nuair a roghnaigh daoine Trump sa toghchán ghoid siad dóchas den domhan. Trump ag tabhairt amach faoi bréaga?! An gcuirfidh sé é féin i bpríosún?
Céard é an boladh lofa sin? A raight, gach rud maith i SAM ag dul síos an leithreas.
Barróg ollmhór de dhíth mar seo na focail i mbéal an phobail inniu
Ag smaoineamh siar inniu. Amárach 9/11. Tá ‘fhios ‘am cá raibh mé nuair a chuala mé an nuacht ar an raidió i 2001. Ag tiomáint ar an saorbhealach 118 go Coláiste Moorpark.
Chuir a rinne Bush i ndiaidh 9/11 trína chéile mé is an chaoi inar tháinig faisisteachas go SAM le cosc ar an mBush a cheistiú. Bhris gach bás san Iaráic mo chroí is labhair mé amach go láidir faoi. D’araigh mé fuacht ó dhaoine nár chuala tada ar an mbosca ach bolscaireacht. Thóg mé nuachtáin liom ó Éirinn le pictiúirí is scéalta iontu faoi a bhí ag tarlú i ndáiríre is dúirt daoine liom anseo gur haters a bhí ins na daoine a scríobh é sin. Ag snámh in aghaidh easa.
Ó tháinig mé go SAM chuir sé ionadh agus déistin an domhain orm an bholscaireacht atá sna meáin anseo. An t-aon duine a d’inis an fhírinne ar an mbosca ó tháinig mé anseo, b’shin Jon Stewart. Murach é bheinn i dteach na ngealt. Shábháil sé ón éadóchas mé.
Le déanaí chuir mé aithne ar dhaoine ón Araib Shádach is cheap mé ar dtús go raibh dóchas ann go bhféadfaimís a chéile a thuiscint. Tar éis cúpla mhí leo thuig mé go ndéanann bolscaireacht mar a bhfaigheann siad san ‘oideachas’ sa bhaile dochar nach féidir a leasú go héasca. Dúirt siad rudaí a chreid siad go daingean a stad mo chroí beagnach le huafás.
Níor shábháil éinne ón taithí sin mé fós. Mar bhí aithne agam orthu. Bhí tae againn le chéile. B’iad mo dhaltaí iad. Is bhí siad réidh agus sásta le daoine nach nglacfadh le Dia ar bith a mharú. Réidh agus sásta le daoine aerach a mharú. Drochmheas acu ar mhná.
Is ar bhealach tuigim anois lucht leanúna Trump sa chaoi is go bhfuil bagairt uafásach ann. Tá ‘fhios agam go bhfuil. Cloiste agam ó dhaoine ina suí i rang liom. Tuigim. Ach pé duine a chaitheas deighleáil leis sin, is é Trump is measa. Tuigim freisin nár chuala roinnt mhaith de lucht leanúna Trump ach FOX ar an mbosca agus sin dochar ar nós ‘oideachas’ na hAraibe Sádaí. Sin bolscaireacht lán le bréag is fuath ar mhaithe le daoine a bhaineann tairbhe as cogadh.
Lord Beaverbrook fadó, Farage, Trump, Fox anois… iad gan trócaire, iad lán le grá dóibh féin, iad a mhill is a mhilleann an saol. Na sochapataigh le cumhacht. Muid ciontach má ligimid dá leithéid é sin a dhéanamh. Níl éinne eile ann le sinn a shábháil ach sinn féin.
Toghchán ar an mbealach i SAM is caithfear a cheistiú nuair atá an GOP agus na DEMs araon ciontach as Exceptionalism is gríosóireacht cogaidh: Ar phleanáil siad an coup atá le teacht? Cuir amadán ar thaobh amháin ionaisc nach mbeidh ach rogha amháin ann. Deachtóireacht de facto le vótaí.
Mé tuirse den gcogadh ar intinn is réasún.
Sin cuid de thrioblóidí SAM gan trácht ar chiníochas, gnéasachas, meas ar bith ar obair ach ardmheas ar shaibhreas, cultúr a deireann gur peaca é bheith bocht…