An Baitsiléir
Tá mé anois, faraor, i mo sheanduine,
’Gus chaith mé saol gan dóigh,
Ar shiúl i ndiaidh na mban san oích’,
’S i mo chodladh arís sa lá,
Bhínn ag suirí leo is ag peataíocht,
Ag imirt is ag ól,
Ach ní bhfuair mé bean domh fhéin ariamh,
Mo chreach ’s mo mhíle brón.
Curfá:
Níl bean agam ’s níl clann agam,
’S níl fáras agam domh fhéin,
Níl leathphingin rua ar an tsaol agam,
Ná greim le cur in mo bhéal,
A Mhuire, nach mé a bhí amaideach,
Nár phós nuair a bhí mé óg,
Bheinn anois i mo shuí go sona,
Chois mo thineadh fhéin ag gabháil cheoil.
Bhí mé aigeantach ag damhsa,
’S bhí mé croíúil ag gabháil cheoil,
Bhí mé ealaíonta ag suirí,
’S bhí mé súgach i dtoigh an óil,
Bhí mé suáilceach greannmhar tarraingteach,
’S ní miste liom a rá,
Dheamhan cailín dá gcaithfinn oíche léi,
Nach dtitfeadh liom i ngrá.
Nuair a bhí mé óg gan mhairg,
Bhí mé carthanach lách cóir,
’S níl áit ó neamh go hÁrainn,
Nach mbínn oíche le mnaoi óig,
Níl bainis, dáil ná baisteadh
Ná coirm dá mbíodh san áit,
Nach gcaithfinn acu an oíche,
’Gus páirt rómhór den lá.
Nuair a thigeadh teas an tsamhraidh,
’Gus na laetha fada breá,
Ó mhaidin go tráthnóna,
Fá na cladaí bhínn ag snámh,
Luínn siar go sómasach,
Ar léana chois na trá,
Bhínn ag éisteacht leis na fuiseogaí,
’S níorbh fhada liom an lá.
A bhuachaillí na gcarad,
Tá mé ag tabhairt comhairle daoibh ó mo chroí,
Ná gabhaigí leis an drabhlás,
Mar rinne mise i dtús mo shaoil,
Ach pósaigí na cailíní,
’S déan fáras beag daoibh fhéin,
’S ná bígí fágtha fuar fann folamh arís,
Mar mise i ndeireadh an lae.
Ach anois tá an aois á taispeáint,
Ar mo sheanchnámha, monuar,
Tá mé cloíte crupthaí caite,
’S mé ag tarraingt ar an uaigh,
Bím ag meabhrú ar mo pheacaí,
’S ag déanamh aithreachais go cruaidh,
’S a Rí na glóire gile,
Dearc le trócaire orm anuas.