Creideann daoine cac. Féach ar leanóirí Trump mar shampla.
Is minic a chloisim ráiteas ó lucht na hollscoile fiú, rud a dúirt Churchill fadó. Ráite arís na laethanta seo le daoine a spreagadh. Rud éigin a dúirt sé le fuinneamh is mórtas. Blah, blah, blah,… ar na tránna … nó cibé. Ní raibh sé ar na tránna sin. Rud nach bhaineann leis, lena mheon aigne ná lena rinne sé féin sa saol i ndáiríre. Ealaín taibhléirithe atá ann. Cur i gcéill. Cleas. Dallamullóg. Nach raibh an cladhaire sin freagrach as 3,000,000 + marbh san India amháin gan trácht ar an dochar a rinne sé in áiteachaí eile. Cén fáth a mbeadh a chuid focla i mbéal duine ar bith anois?
Never, never, never an schtick a bhí ag Paisley. Ach bhí sé deas cairdiúil sa ghnáthsaol i ndáiríre, deireann daoine leat. Tuige an fuath ón stáidse mar sin? An cur i gcéill? An chumhacht a ghortaigh daoine?
Is bhí Iosrael san Eurovision ag canadh ar son…? Céard? Bolscaireacht a bhí sa chéad leagan den amhrán is thuig daoine é. Bhí orthu na liricí a athrú. Is tuigimid go bhfuil an t-amhránaí ag súil le dul go Gaza le daoine a mharú ina dhiaidh. É ráite aici. Ní mar sin ach tuigimid. Ealaín taibhléirithe atá ann. Ardán acu. Is daoine ag fáil bháis dá bharr. Cé a dhéanfadh sin?
Tá an t-ealaíontóir agus an ealaín fite fúite le chéile. Cad a chiallaíonn na focail? Braitheann sé ar an duine a dúirt iad. Má tá dallamullóg ann, ná glac leis.
Is inniu, an boc seo ag na Náisiúin Aontaithe
You are shredding the U.N. Charter with your own hands, ar sé. Bréag. Ní dhearna muidne é. Rinne sé é. Is chonaic muid é. Ach seo cleas Trump agus a leithéid. Cuir i leith go bhfuil an duine eile ciontach as an rud a rinne tú féin.
Le foghlaim anseo?
Tabhair ardán do na daoine maithe. Maireann croí maith i bhfad.
Go hIfreann leis na feallairí. Fan amach ón gcroí a ghortaíonn daoine gan trócaire.
Cé atá ar an gcuraclam don arteist arís? Tá an t-ealaíontóir agus na focail uathu fite fuaite lena chéile.
Seas an fód.