Léirsithe. Agóidíocht ar son na Pailistíne. Scoláirí i mbun campála ar champais ollscoileanna i SAM. Ar son Gaza. In aghaidh cinedhíothu atá ag tarlú anois. Sin an scéal. Ag tarlú anocht: https://x.com/JoshuaPHilll/status/1785480782875955437 Na póilíní ag teacht le gunnaí is dornaisc is foréigean cé go bhfuil na scoláirí ag seasamh an fód ar son na síochána. Cén sórt tír í SAM? Caithfidh go bhfuil faitíos an domhain orthu. Caithfidh go bhfuil a dtuismitheoirí trína chéile. Ní dhéanfaidh siad dearmad go deo air. Sin fadhb do Joe Biden. Is fuath leis na daoine óga é agus cúis leis, mar tuigeann siad an feall.
Meas do na scoláirí sna hollscoileanna!
Rud frith-Sheimíteach? Mar dhea!
- a) Cathain ar thosaigh siad? Aibreán 17 b) Cad atá uathu? BDS Boycott, Dídhílsiú, Smachtbhannaí ar Iosrael mar gheall ar an gcinedhíothú atá ar siúl acu faoi láthair i nGaza. c) Cén fáth a mbíonn daoine ag tabhairt amach fúthu? Sin mar atá Meiriceá le fada. Níl mórán tacaíochta anseo d’agóidí go ginearálta. An iomarca ann a bhíonn ag tabhairt amach mar is breá leo ord agus eagar agus níor mhaith leo bheith ag ceapadh nach bhfuil an domhan ceart go leor mar atá. Na daoine i gceannas ar na hollscoileanna faoi láthair. Ron de Santis, gobharnóir Florida. Dún síos na léirsithe ar fad an chaoi, dar leis agus dar leo. Is glaoíonn siad ar na póilíní agus an garda náisiúnta agus fórsaí eile mar iad.
- An bhfuil na hagóidí ag fás? Tá. Ag bailiú nirt. Níos mó ná 20 ollscoil páirteach ann anois. Columbia, Yale, Emerson. MIT, USC, Texas, Arizona, Indiana, Pennsylvania, Stanford San Francisco, Sacramento … Cosúil lena tharla i 1968 is iad frithchogaidh is an ionsaí ar Vitneam ar siúl ag an am.
- Cén fáth nach dtuigeann daoine an fhadhb? Tá na meáin claonta agus tugann siad tacaíocht d’Iosrael, is cuma cad a dhéanann sí. Tá Giúdaigh sa ghrúpa ar son na Pailistíne ag na hollscoileanna seo. Tá na téarmaí Siónach agus Giúdach meascaithe suas ag na meáin. Níl siad mar an gcéanna. Tá frith-Sheimíteachas in úsaid mar lipéad ag na meáin le daoine a mhaslú ionnas nach mbeidh siad ag caint faoin gcinedhíothú. Tá sé seo ar siúl le fada an lá. Bhí sé curtha i leith Mary Robinson, an tUachtarán Micheál D Ó Huigín, Jeremy Cobin srl (daoine uaisle) go raibh siad frith-Sheimíteach. Níl siad. Sin a dhéanann Siónaigh má cheistíonn duine rialtas Iosrael. Freisin tá na meáin ag meascadh suas Hamas agus Gaza agus cuid acu nach n-úsáideann an focal Pailistín fiú. Curtha i leith gach duine atá ansin ar son na síochána gur sceimhleitheoirí iad. Faoi mar a bhí an saol d’Éireannaigh i Sasana go minic in am na Guilford 4 srl.
- An éireoidh leo? Ar bhealach. Tugann siad misneach do dhaoine i nGaza. Agus domsa. Seo an chuid is fearr dínn. Tá sé fíorthábhachtach é a dhéanamh, an fód a sheasamh. Anam ag an tír fós. Ach ní mhairfidh sé. D’éirigh leo i Johns Hopkins. Ach ní i ngach áit. B’fhearr leis an iomarca an lámh láidir.
- An mbeidh Biden slán? Cé eile atá ann? Níl na daoine óga sásta le Biden ar chor ar bith. Bheadh Elizabeth Warren nó Bernie Sanders níos fearr ná é, agus ar ndóigh cabhraíonn an mhíshásacht le Trump. Níl maitheas ar bith i Robert F Kennedy atá frith-Sheimíteach agus teoircí chomhcheilge aige. Tá Jill Stein san iomaíocht ach seans ar bith aici. Stáit Idir Eatarthu: Michigan, Arizona, Nevada, N. Carolina, Féach ar na stáit idir eatarthu. Beidh fadhb ag Biden le Michigan.
- Smacht? Ag na scoláirí ar an rialtas? Ag na hollscoileanna ar na daltaí. Idirghabháil, focal deas ag na póilíní ar an gcruálacht acu agus iad ag díriú ar na daoine is laige i gcónaí. Thar 1,200 gafa ag na póilíní idir scoláirí agus léachtóirí. Ag comhlíonú na hordaithe atá faighte acu ach tuigimid cár tharla sé sin cheana. Sin foinse na fhaidhbe is gan iad in ann smaoineamh ar an rud is fearr a dhéanamh. Cuid de na scoláirí curtha ar fionraí, cuid acu caite amach – bata agus bóthar tugtha dóibh.
- Dlí: Coicís ó shin, dhiúltaigh an chúirt uachtarach éisteacht le cás idir póilín agus daoine a d’eagar léirsiú, rud a ligeann gur féidir an dlí a chur ar na daoine a bhíonn ag eagrú agóidí má tá duine amháin fiú as bealach ann. Faoi láthair, tá sé seo fíor i in Louisiana, Texas, & Mississippi.
- Cé atá i gceannas ar na meáin? Murdoch et al.
- Cumhacht AIPAC. Cumhacht acu le stocaireacht.
- Taobh amuigh de na hagóidí, bíonn daoine caite as a bpost má labhraíonn siad amach ar son na Pailistíne.
Cúirt Bhreithiúnas Idirnáisiúnta: Tá Iosrael ag sárú coinbhinsiún Geneva maidir le cinedhíothú. Ní sheasann SAM le síochán. Seo UCLA fhad is a bhí mé ag caint le daoine ar an raidió aréir.
Má fhoghlaimíonn daoine ón stair, ní mhaireann sé i bhfad.
Seo ár stair.
- DAKOTA THEAS 1890 (-?) Mharaigh saighdiúirí 300+ Lakota ag Wounded Knee (Čhaŋkpé Ópi Wakpála)
- IDAHO 1892 Arm v Stailc (Mianadóirí airgid)
- CHICAGO 1894 Arm v Stailc (Bóthar iarann) 34 marbh
- MINNESOTA 1898 (-?) Arm v Ojibwe Éirí amach ag Loch Leech (Gaa-zagaskwaajimekaag)
- IDAHO 1899-1901 Arm i gceannas at Coeur d’Alene (Mianadóirí ann)
- OKLAHOMA 1901(-?) Arm v Éirí Amach na Creek (Dúchasaigh)
- VIRGINIA THIAR 1920-21 Arm le Buamaí v Mianadóirí
- WASHINGTON DC 1932 Cuireann an tArm stop le agóid ag saighdiúirí a bhí páirteach i WWI
- DETROIT 1943 Arm v Éirí Amach (Afrai-Mheiriceánaigh)
- CALIFORNIA OLLSCOIL BERKELEY 1964 Garda Náisiúnta …Sprae Piobar 700 gafa
- DETROIT 1967 Arm v Éirí Amach eile (Afrai-Mheiriceánaigh) 43 marbh
- SAM 1968 Arm Tar éis dúnmharú M.L. King; 21,000+ saighdiúirí i gcathaireacha
- OHIO OLLSCOIL KENT STATE 1970 Garda Náisiúnta v scoláirí a bhí in aghaidh an chogaidh thar lear
- WASHINGTON DC 1971 Lá Bealtaine 12,000 gafa
- SOUTH DAKOTA 1973 CO Arm le hionsaí ar na Lakota ag Wounded Knee
- LOS ANGELES 1992 Arm & Muirshaighdiúirí sna círéabacha in aghaidh na póilíní
- NUA EABHRAC 2004 Comhdháil Náisiúnta Poblachtánach 1,700 gafa
- LOS ANGELES 2007 Páirc MacArthur Piléar rubair in úsáid. Daoine gortaithe
- MINNESOTA 2008 Comhdháil an GOP 300 gafa
- SAM 2014 MISSOURI Black Lives Matter (Ferguson)
- STANDING ROCK 2016
- SAM 2017-2018 Gluaiseacht Mise Freisin
- CHARLOTTESVILLE, 2017.
- MINNEAPOLIS 2020 George Floyd Black Lives Matter, 2020.