Is Í, Ní É!
Fé Bhláth’ scriófa ag Colm Ó Snodaigh.
Liricí
Ag tnúth leis an mhaidin, ag súil leis an lá.
Longing for the morning, looking forward to the day
Cuardaím an oíche, d’fhéadfá a rá.
I search the night, [that] you could say.
Mo ghrá, mo ghrá, bí liom go brách.
My love, my love, be with me evermore
Tá muid ag tíocht faoi bhláth.
We are coming into blossom.
Ordóg, is puntán, is dealbhán sa lár,
Thumb and index finger and middle finger
Sisile, laidhricín, tabhair dom do lámh.
ring finger, little finger, giver me your hand.
Mo ghrá, mo ghrá, tabhair dom do lámh.
My love, my love, give me your hand.
Tá muid ag tíocht faoi bhláth.
We are coming into blossom.
Chuala muid glór binn an lon dubh caoin
We heard the blackbird’s sweet voice
Chonaic muid éirí na gréine.
We saw the sunrise
Dá fhad mo chroí, chonaic sí
For as long as my heart lasts, she saw
Is beidh muid faoi bhláth go brách.
and we will be coming into blossom forever.
Mo ghrá, mo ghrá.
My love, my love.
Neart le foghlaim faoi na méaranna anseo

Leagan D in úsáid san amhrán thuas.
Tháinig na héin le chéile le déanaí thar Loch Aininn ag an Muileann gCearr le rá linn go raibh orainn teacht le chéile le éalú ó namhaid.
Ar scáth a chéile a mhairimid. Ealta an Ghaeilge ar Murmuration agus déanann na héin seo nuair a bhíonn namhaid thart le éalú, le chéile le luas agus le neart le cur le chéile.
Covid an namhaid is mó againn faoi láthair agus caithfidh an tír ar fad mascanna a chaitheamh is fanacht amach ó dhaoine eile fhad is a thugaimid aire dá chéile ar líne.
Foghlaim ó na héin.

A Pheigín na gcarad ‘s a Pheigín mo chroí, cé hé an fear fada úd [ag dul] timpeall an tí?
Oh, Peigín my friend and Peigín, my heart, who is that tall man [going] around the house?
Ó a hó, ó aí a hó a, ó aí nó, a Pheigín mo chroí.
Oh a ho, oh ay a ho a , oh ay no, Pegeen my heart.
A Pheadair na gcarad ‘s a Pheadair mo chroí, sin é do mhaicín nach bhfaca tú riamh.
Peadar my friend and Peadar my heart, that is your little son whom you never saw.
Ó a hó, ó aí a hó a, ó aí nó, a Pheadair mo chroí.
Oh a ho, oh ay a ho a , oh ay no, Peadar my heart.
Muise, shiúil mise thall agus shiúil mise thiar, ach féasóg ar leanbh ní fhaca mé riamh!
Well, I walked over there and I walked in the west, but a beard on a baby I have never before seen!
Ó a hó, ó aí a hó a, ó aí nó, a Pheigín mo chroí.
Oh a ho, oh ay a ho a , oh ay no, Pegeen my heart.
Muise, a Pheadair mo chara ‘s a Pheadair mo chroí, tá scór bliain caite ó d’fhág tú mo thigh.
Oh Peadar my friend and Peadar my heart, twenty years have passed since you left my house.
Ó a hó, ó aí a hó a, ó aí nó, a Pheigín mo chroí.
Oh a ho, oh ay a ho a , oh ay no, Peigín my heart.
CEOL
A Pheadair mo chara, ‘s a Pheadair mo chroí, éirigh i do sheasamh ‘gus réitigh greim bídh.
Peigín my friend and Peigín my heart, Rise up now and prepare some food.
Ó a hó, ó a Peadair mo chroí. Peigín mo chara is a Pheigín mo chroí, níl ins an teach agam greim mine buí.
Oh a ho, oh Peadar my heart. Pegeen my friend and Pegeen my heart. I have not a grain of yellow meal in the house.
Ó a hó, ó aí a hó a, ó aí nó, a Pheigín mo chroí.
Oh a ho, oh ay a ho a , oh ay no, Peigín my heart.
‘S a Pheadair mo chara ‘s a Pheadair mo chroí, in íochtar mo mhála tá cáca mine buí.
And Peadar my friend and Peadar my heart, in the bottom of my bag there is a yellow meal cake.
Ó ó, a Pheadair mo chroí. Peigín mo chara s Peigín mo chroí, tá an cáca seo ‘at lán de ghineachaí buí.
Ah Peadar my friend. Pegeen my friend and Pegeen my heart, this cake you have is full of golden guineas!
Ó a hó, ó aí a hó a, ó aí nó, a Pheigín mo chroí.
Oh a ho, oh ay a ho a , oh ay no, Peigín my heart.
A Pheadair, mo chara, suífidh muid síos is ná fhágfas an baile chúns mhairfeas mé arís.
Oh Peadar my friend, we sill sit down. and never leave home again for as long as I live.
An Nuacht (as Béarla) inniu.
Féach ar seo https://www.rte.ie/news/uk/2021/0224/1199063-margaret-keane-uk/ ar dtús, le bhur dtoil./

Ciallaíonn Sent to Coventry cúl droma a thabhairt do dhuine nó rud. Sin a tharla dár dteanga i Coventry.
Ní raibh cead ag daoine Gaeilge a chur ar leac ‘given the passions and feelings associated with the use of Irish Gaelic’, a deir breitheamh. Bhuel anois. 1. Tuigim cá sheasann tú leis an Irish Gaelic in áit Irish. Cuid de rud eile. Níl cead ag Irish bheith neamhspleach. Níl cead againn bheith neamhspleach, dar leat. Ó tuigim go maith a chiallaíonn sin. 2. Cén passions agus feelings iad siúd? Na cinn a deireann le daoine gan Gaeilge a scríobh ar leac. Cinn lán le drochmheas agus ciníochas. 3. An gcuireann an teanga agus iad a labhraíonn í déistin ar an mbreitheamh seo? An bhfuil ciníochas láidir i Sasana? An bhfuil an Pápa Caitliceach? Seans go gceapann daoine gur féidir cur suas leis (b’fhéidir) mar chaitheamh aimsire ait ach just coinnigh i bhfad ó dhaoine uaisle í.
Feicim Sasana ag rá Gaelic nó Irish Gaelic agus RTÉ ag rá Irish sa chás seo atá LÁN le ciníochas. Maith sibh, RTÉ! Mo náire iad a dhiúltaíonn Irish a rá. Tá ciníochas san diúltiú sin. Mar atá le ‘In case people thought it was a political slogan.’ Ní raibh cead ag daoine Gaeilge a chur ar leac ‘given the passions and feelings associated with the use of Irish Gaelic‘, a deir breitheamh. Bhuel gabh ár leithscéal as ár dteanga a labhairt! Feicimid gur fuath leis an mbreitheamh sinn ach nár mhaith é sin a rá go díreach agus mar sin tugann tú le fios gur sin mar a smaoiníonn gach duine. Tá an ciníochas i ngach áit mar sin, dar leis an mbreitheamh seo. Ná cuir an locht air! Gránna cibé ceann atá fíor.
Bhuel anois! An bhfuil na passions agus feelings sin ag daoine faoin bhFraincis? Spáinnis? Just muidne, an ea? Meas tú, cén fáth sin? Abair leat é. Nod agam duit. Tosnaíonn an focal le c. An bhfuil sé agat anois? Ara tabharfaidh mé an freagra duit: CINÍOCHAS. Tuige? Ní fhéadfadh an breitheamh bheith mar sin, an bhféadfaidh? Fan go bhfeicfimid.
Seans go gceapann daoine mar é gur féidir cur suas leis (b’fhéidir) mar chaitheamh aimsire ait ach just coinnigh i bhfad ó dhaoine uaisle é, ar son Dé. Yep. Aithním an ciníochas sin freisin. Cloiste agam go minic. Nár mhúin siad dúinn féin é! Féach mar a d’éirigh leo anseo: https://ancroiait.wordpress.com/2020/12/01/k-96-scoil-arm-v-gaeilge/
Feicim The Irish Post leis an gCeannlíne ó Lúnasa ach déarfainn nach bhfuil tada foghlamtha acu ó shin.

Ní Gaelic a bhí uathu agus míneodh daoine a labhraíonn Gàidhlig sin duit go soiléir. Irish an t-ainm atá ar ár dteanga sa Bhéarla. Gaeilge atá uathu. Irish. Ní Gaelic. Ní Irish Gaelic. Irish.
Nuair nach dtaitníonn sin leat, tá fadhb agat. Má tá meas agat ar an teanga, seas an fód. Ná bí ‘múinte’ le géilleadh do dhaoine atá lán le ciníochas, do dhaoine a cheapann gur sceimhlitheoirí antoisceacha iad na hÉireannaigh agus nach mbainfeadh duine daycent úsáid ag teanga ar bith seachas Béarla.
Ach tá toradh ar an troid sin a thaitin liom inniu. Tháinig daoine le chéile, Conradh na Gaeilge i Londain san áireamh, leis an bhfód a sheasamh agus inniu tá an bua ag an teanga agus theip ar an gciníochas gránna.
I gcónaí inár gcroíthe.
Tá grá ann.
Tá meas ann.
Rud nach raibh ag an mbeitheamh a thosaigh an trioblóid ar fad sa chéad áit.
Déarfainn go mbeadh bród an domhain ar Margaret Keane faoin toradh inniu.
Ag súil go mór leis an toradh oifigiúil ar fad a léamh agus Tá Brón Orm ón mbeitheamh a thug crá croí do mhuintir Keane?
Yeah, raight. Ní dóigh liom go gcloisfimid sin.
Ach muidne, beidh grá don teanga inár gcroíthe go deo. Ardmheas do Margaret. Maireann a cuimhne is a rinne sí dúinn.

A bhuíoch leis an bhfís a chonaic mé le AnLoingseach ar Youtube.
A Ghearailt gheirr (gearr) an gháire ghonta,
Oh, stunted Gerald of the stinging laugh;
fásach go táirseach do gheata.
a wasteland to the threshold of your gate.
Driseóg agus a dá cheann i san talmhain (sa talamh).
A bramble and her two heads (ends) in the earth;
Loch uaithne (glas) ar uachtar do halla.
A green lake on top of your mansion
Nead an tseabhaic i bpoll an deataigh (sa simléar)
A hawk’s nest in the smoke vent (chimney)
agus cac na ngabhar i n-áit (in áit) do leabthan (leaba)
and the shit of the goats in [the] place of your bed;
mar do bhuain (bhain) tú dhíom an mac ‘s an t-athair;
for you took from me the son and the father;
bhuain (bhain) tú dhíom an dá (dhá) bhó dhéag [agu]s an tarbh,
you took from me the twelve cows and the bull,
agus oighreacht nár fhagha(idh) (fhágtar) d’oighreadha-se (d’ oidhrí), a Ghearailt.
and an inheritance may your heirs not get, oh, Gerald.









