Cá háit? Maine. Portland. Deirtear gur Éireannaigh iad 20% de na daoine anseo. Cá bhfios? Baint ag neart acu le hÉirinn. Thug siad Catch of the Day air. Caithfidh go raibh siad ag gáire faoi nuair a chum siad an tideal sin. Tá ICE landáilte in Maine agus chuir sin scéin i ndaoine ansin.
Lena hOperation Catch of the Day. Iasc an lae. Cheapfá. Ach ní héisc a bhí uathu ach daoine. Le Stephen Miller a shásamh. É ag iarraidh breith ar 3,000 in aghaidh an lae mar tá sé as a mheabhair le ciníochas. Daoine. Is é Stephen an Leas Cheann-Foirne a bhíonn ag plé le polasaí agus is comhairleoir é do Shlándáil Bhaile nó Homeland Security sa Teach Bán ó 2025.
Ach, i ndáiríre tá seo ag tarlú ar fud na tíre, go háirithe i stáit a chaill Trump sa toghchán nó i stáit a thugann tearmann do dhaoine atá sa tír gan na doiciméidí cuí. Cuireann sin as do Trump is tá díoltas uaidh. Tá sé lánsásta daoine a mharú nó a chéasú le díoltas a bhaint amach. Go leor, leor acu. Is tíoránach é.

Tá na rudaí is measa ag tarlú in Minneapolis. Chomh maith leis sin, tá nó bhí fórsaí ag Trump in DC, in Portland in Oregon, in Memphis, in Chicago, in Charlotte, i gCathair na nAingeal, i New Orleans, agus cá bhfios cá háit eile amárach?
Creid ICE? Ná creid iad.Tá gach tideal acu ar nós rud ó leabhar George Orwell. Níl an tír seo slán is iad thart. Cén chomhairle atá ag Miller do ICE? Ordú aige go gcaithfidh siad breith ar 3,000 in aghaidh an lae. Éisc? Ní hea, ach daoine. Tá siad ag seilg. Ar nós Cluichí an Ocrais ach i bhfad, i bhfad níos measa. B’fhearr le Stephen daoine de dhath ach, ag an bpointe seo, is cuma leo. Daoine atá sa tír go dleathach nó saoránaigh? Is cuma leo. An bhfuil ciall leis seo? Níl. Seo uafás. Seo diostóipe. Seo Faisisteachas.
Céard a dhéanann ICE? Nuair atá daoine gafa ag ICE, níl éinne slán. Go háirithe na daoine atá gafa. Fuair ar a laghad 32 acu bás i 2025 Maraíonn ICE daoine ar an tsráid os comhair an tsaoil agus is cuma leo faoi na ceamaraí atá ag breathnú orthu: Scaoil siad le 27 ó Eanáir 20, 2025 agus mharaigh siad ar a laghad ochtar. Alex Pretti agus Renée Good in Minneapolis ina measc. Is ina dhiaidh, d’inis siad bréaga faoi ar na meáin. Ar CNN. Ar FOX. Is a leithéidí.
In Maine, bhog siad daoine ó phríosún in Cumberland. Caoga acu. Mar bhí daoine uathu. Le Stephen Miller a shásamh. An fhadhb? Níl a fhios ag na daoine in Cumberland cár bhog siad iad. Tá siad ar iarraidh. Los desaparecidos. Gan tásc gan tuairisc orthu.
Phioc Trump daoine atá uafásach d’aon turas. Ní daonlathas atá ann anois i SAM ach Cacalathas. Na daoine is measa aige do gach jab atá ann le rudaí a scrios go huile agus go hiomlán le pian, le céasadh, le cruálacht dochreidthe. Mar sin, is cuma cé chomh hóg nó chomh sean is atá daoine. Gabh mo leithscéal. Níl sin fíor. B’fhearr leo páistí agus seandaoine. Mar tá an fhulaingt níos measa ansin.
Gestapo Trump a thug Stephen King orthu le déanaí. Oiriúnach. Tá na coireanna céanna a bhí le feiceáil ag an IDF sa Phalaistín le feiceáil anois ar shráideanna SAM mar faigheann ICE traenáil uathu. Ná lig d’otharcharr ná dochtúir cúnamh a thabhair d’othar, mar shampla.
Gach cúiseamh a dhéanann lucht Trump agus lucht ICE, sin iad ag caint faoi rud atá fíor fúthu fhéin. Nuair a deir siad gur dúnmharfóirí nó éigneoirí agus droch-hombres iad na daoine atá siad ag cur in ionaid coinneála ar nós Alligator Alcatraz, bí cinnte go bhfuil na daoine san áit sin neamhchiontach. ICE féin atá ciontach as coireanna mar sin.
Conas?
Conas is féidir leo seo a dhéanamh cé go bhfuil sé mídhleathach?
Ar an gcéad lá d’Iúil i 2024, thug an Chúirt Uachtarach breithiúnas ar chás is d’fhógair siad nach féidir uachtarán SAM a chúiseamh as rud a rinne sé is é in oifig. Mar sin, tá sé ag iarraidh bheith in oifig go deo agus an t-am sin a líonadh le damáiste. Mar is féidir leis. Scríobh Pam Bondi (an tArd-Aighne) litir do ghobharnóir Minnesota,Tim Walz ag rá leis go mbeadh laghdú ar an bhforéigean ó ICE dá mbeadh sé sásta liosta vótála a roinnt léi. Dúmhál. Níl náire ar bith orthu. Déanann siad seo go hoscailte.
Cad atá le déanamh?
Tá dúshláin go leor againn sa saol seo leis an Nádúr gan bheith ag deighleáil le Trump. Tá stoirm uafásach ag cur isteach ar 40 stát faoi láthair. Caithfidh daoine bheith cineálta lena chéile le teacht slán as. Caithfear Trump is a Gestapo a tharraingt go dtí An Háig, chomh maith le Netanyahu agus an IDF má tá domhan slán uainn.