Seamus Culleton, gafa ag ICE in Fort Bliss
Ní príosúnach é Seamus Culleton ach giall. Ní príosúnaigh iad na daoine atá gafa in Fort Bliss faoi láthair. ICE an dream a bhriseann an dlí san áit seo. Is giallaí, ní príosúnaigh, iad na daoine i ngeimhle acu atá caite isteach san ifreann sin. Ní Bliss mar a thuigimid an focal sin sa Bhéarla atá le fáil anseo ach a mhalairt ar fad. Seo domhan Trump, seo domhan Project 2025, seo Faisisteachas. Seo pian is fulaingt. Seo éadóchas is olcas. Bímis cúramach leis na téarmaí a roghnaíonn muid. Bímis soiléir. Tabhair meas don fhírinne. Ná bímis gafa i dteanga na mbréag.
Fort Bliss a thugann siad ar an ‘bpríosún’ seo in ómós do William Wallace Smith Bliss.
William Wallace Smith Bliss 1815 – 1853
Stair & Comhthéacs
Cérbh é William Wallace Smith Bliss agus cén baint atá aige leis an scéal seo? Bhí Bliss san airm in 1835 in am an ‘Indian Removal’. ‘Bhog’ an t-arm na Cherokee (dúchasaigh) go dtí an taobh thiar den Mississippi ( ᓯ-ᓰᐱ misi-ziibi nó Ábhainn Iontach san Ojibwe). Seans go raibh sin ar eolas ag Bliss. Bhí teangacha ar a thoil aige.
Díshealbhú a bhí ann. Mar a rinne Iosrael leis na Palaistínigh le déanaí. Scrois. Cinedhíothu, céim a haon. Manifest Destiny. Tír Tairngire. Roghnaigh do leithscéal in ainm Dé. Seanscéal agus meirg air. Goid atá ann.
In1840, bhí Bliss ag obair san arm leis na cogaidh Seminole. Chomh maith le teangacha, bhí Bliss fíormhaith ag matamaitic. Caithfidh gur thuig sé na huimhreacha, an méid acu a mharaigh siad san nglanach eitneach seo.
Mar a mhol Arló sa scannán Kneecap, féachaimis arís ar na scannáin Buachaillí Bó ó Hollywood fadó ach an uair seo ag féachaint arís ó thaobh na ndúchasach de. Níl Bliss ar bith ann sa scéal sin.
Fort Bliss i láthair na huaire
Is in Fort Bliss, ainmnithe don bhfear sin fadó agus don stair sin (goid, scrios, cinedhíothú) atá Seamus Culleton. Tá an áit chomh mór sin go bhfuil sé lonnaithe i Nua Meicsiceó (goidthe ó Mheicsiceó ar ndóigh) agus in Texas. Seo an áit is mó atá ag FORSCOM (United States Army Forces Command). Tá smacht acu ar an spéir os a gcionn chomh maith fiú. Tá 3,900 km2 d’aerspás shrianta acu. Rúnda. Cúis leis. Iad ag iarraidh atá ar siúl acu a choinneáil faoi cheilt.
I Lúnasa 2025, d’oscail ICE ‘Campa Montana Thoir’. Spás ann do 1,000 ar dtús, agus anois do 5,000 daoine atá á gcoinneáil ar chúiseanna polaitiúla. Go bhfios dúinn tá triúr ar a laghad básaithe san áit sin go dtí seo.
Scéal Shéamuis
Ghabh ICE ar Sheamus taobh amuigh den siopa Home Depot in Massachusetts. Lean ICE é agus ag é tiomáint ina charr. Stop siad é agus go tobann ina dhiaidh, bhí 7 nó 8 veain mór thimpeall air. Is ghabh siad é.
Tá cónaí air i SAM le fiche bliain. É pósta le Meiriceánach. Tá cead oibre bailí aige, agus é ag tabhairt faoina chárta glas a fháil. Luaigh sé seo ar fad leo. Níor éist siad leis.Ní raibh sé ceart ná cóir gur ghabh ICE é. Iad ag iarraidh cuóta craiceáilte Stephen Miller a shásamh. Tháinig gach rud aniar aduaidh ar Sheamus.
Is i bCampa Montana Thoir atá Campa El Paso agus is ansin atá Seamus anois i bhfad ón Home Depot agus óna bhean chéile. Tá sé ann le cúig mhí anois. Léirigh Seamus go mbíonn ocras ar chuile dhuine ansin an t-am ar fad agus go bhfuil faitíos ar dhaoine go bhfaighidh siad bás ann. Níl a gcearta daonna ag daoine ansin. Ní ligtear amach iad go minic is tá an áit lofa salach. Caitheann ICE go dona leo. Ní mar dhaoine. Is annamh a ligeann siad daoine amach le aer úr a fháil. Sluachampa ghéibhinn atá ann. Ní aibhéil seo.
Cad a deir ICE faoi?
Labhair Tricia McLaughlin, Rúnaí Cúnta um Ghnóthaí Poiblí le DHS le Nuacht CBS. Dhiúltaigh sí na fíricí. Seo a dúirt sí: “ICE has higher detention standards than most U.S. prisons that hold actual U.S. citizens.” A mhalairt ar fad an scéal ar ndóigh is tá an fhianaise againn. Is í ag caint, rinne sí tagairt do Sheamus mar “an illegal alien from Ireland”. Sin téarma maslach. Tá ciníochas ann. Níl duine ar bith ar domhan mídhleathach. Dar le McLaughlin, roghnaigh Culleton fanacht faoi choimeád ICE. Ar ndóigh, níorbh é sin a bhí uaidh. Bhí saoirse uaidh. Tá McLaughlin ag insint bréaga agus ag iarraidh an dallamullóg a chur ar dhaoine.
An fhírinne?
Tá costas $280M ar an ionsaí a rinne ICE ar Minnesota, gan trácht ar an tráma don phobal, don tír, don domhan mór. Leis an airgead sin (ó cháin a íocann daoine maithe ar nós na daoine ar na sráideanna ar Minnesota agus na daoine atá anois gafa sna Campaí seo) tá 4,000 duine gafa ag ICE. Ina measc 30 a bhfuil coireanna láidre (le foréigean) curtha ina leith. Baineann 530 eile acu le sárú tráchta. Ní leis ‘na daoine is measa’.
Is iad ICE féin na daoine is measa. Iadsan a mharaigh Alex agus Renée agus daoine eile. Chomh maith leis sin, maraíonn siad dóchas agus cuireann siad sceon orainn ar fad.
Cad a chiallaíonn seo do na hÉireanaigh i Meiriceá? Do gach duine i Meiriceá?
Meastar go bhfuil 10,000 as Éirinn i Meiriceá gan na doiciméidí cuí. Níl sé éasca na documéidí sin a fháil. Ach sin oilghníomh. Ná maraigh daoine mar gheall air. Ná caith iad i gcampaí ar nós Fort Bliss.
Agus fiú, má tá na doiciméidí chuí agat, tá contúirt ann go mbéarfaidh siad ort ar aon chaoi, go háirithe má labhraíonn tú teanga eile nó má tá cuma ort go bhfuil tú bocht nó ó Mheicsiceó nó Meiriceá Theas. Ach fós fhéin má tá tú chomh geal le Renée nó Alex, féadfaidh siad thú a mharú. Níl éinne slán. Ní bhaineann sé seo leis an dlí. Baineann sé le faisisteachas. Smacht iomlán. Iadsan vs Muidne.
Tá áiteacha níos measa ná Fort Bliss ann. Cuireadh daoine go príosún i San Salvador atá thar a bheith cruálach.
I mí na Nollag, chuir an ACLU (American Civil Liberties Union) agus grúpaí eile a bhíonn ag plé le cearta daonna litir amach ag rá gur chóir an ERO (El Paso Camp East Montana), an áit ina bhfuil Seamus, a dhúnadh. Tá sé faighte amach acu go mbíonn na gardaí ann ag léasadh, ag réabadh, ag bagairt daoine. Go mbíonn na gardaí ag coinneáil bia agus leigheas ó na daoine atá gafa acu. Níl sé slán.
Níl na sráideanna slán. Ní féidir bheith ag fanacht ar thoghchán anseo. Ní bheith sé dleathach. Briseann rialtas Trump na rialacha gan stad. Tá SAM tite. Scaoil gach duine saor ón áit sin agus cuir ICE féin isteach ann. Cuir gach duine a bhí páirteach sa chinedhíothú leis an IDF isteach leo. Tá neart acu i SAM anois agus cuid acu ag obair le ICE. Stíl an IDF & Stíl ICE. Níos mó i mblag eile faoi seo as seo amach.
Bígí slán amuigh ansin, a chairde.

