Díreach in am don Nollaig, a chairde! ☺ Bígí ag canadh as Gaeilge.
ón gclár Róisín ar TG4 Amhránaí: Fred McCluskey agus Ger Maher. Ceoltóir: Ailbhe Hession.
Leagan eile anseo buíochas le Mise Áine.
Leagan Lurgan – An chéad ceann anseo agus anseo
Liricí:
B’í Oíche Nollag í is mé caochta óltach.
It was Christmas Eve and I blind drunk.
Dúirt seanfhear in aice liom, “‘Sí mo Nollaig dheireanach í.”
An old man next to me said, ‘It’s my last Christmas.’
Thosaigh sé ag gabháil fhoinn an ‘Rare Old Mountain Dew.’
He started to sing a tune ‘The Rare Old Mountain Dew’
Chrom mé mo cheann go ciúin is mé ag cuimhniú ortsa.
I softly bent my head down and I thinking about you.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Nach orm a bhí an t-ádh! Tháinig sí isteach go breá.
Wasn’t I the lucky one! She came in well.
Airím istigh i mo chroí gur linne an bhliain seo romhainn.
I feel inside my heart this coming year is ours.
Ó, Nollaig Shona dhuit. Is tú mo stóirín.
Oh, Happy Christmas. You are my treasure.
Feabhsóidh rudaí fós. Amach romhainn atá sé.
Things will get better yet. It’s out there ahead of us.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Is gar le bear iad na cairr is na habhainn lán le h-ór.
The cars are like bars and the rivers full of gold.
Ach tá goimh ghéar sa ngaoth. Ní haon áit í gan ghlór.
But there’s a sharp sting in the wind. It’s nowhere without noise.
Nuair a thóg tú mo lámh ar ár gcéad Nollaig riamh,
When you took my hand on our first Christmas ever,
Gheall tú dhom Broadway a bheith romham ins an tslí.
You promised me Broadway was out there for me.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Bhí tú dathúil. Tá tú meabhrach. Banríon Nua Eabhrach.
You were handsome. You were clever. Queen of New York City.
Ní raibh críoch leis an scléip. Bhí an chraic is spraoi thar barr.
There was no end to the pleasure. The fun and games were outstanding.
‘Sinatra’ ag swingeáil. Na cloig is iad ag ‘ringeáil,
Sinatra was swinging, the bells were ringing.
Muid ag pógadh is ag damhnsa gan imní faoin saol.
We kissing and dancing without a care in the world.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Is An Cór an NYPD is iad ag casadh ‘Galway Bay’,
And the NYPD choir and they singing ‘Galway Bay,’
Is na cloig ag bualadh leo: Lá breith’ Mac Dé.
And the bells ringing away: The son of God’s birthday.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Fear déirce gan rath, a shean stróinse gan mhaith,
You worthless begger, you useless old pauper,
I do chrap ansin thall mar bheadh cailleach sa gclúid.
Shriveled up over there like a hag in the corner.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
A Sclíteach, a Chonúis, ‘Chacsmuitín an donais.
You scumbag, you trash, you gobshite of badness.
Nollaig Shona, mo thóin! Faraoir gan é ‘thart.
Happy Christmas my arse! Shame it’s not over.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Is An Cór an NYPD is iad ag casadh ‘Galway Bay,’
And the NYPD choir and they singing ‘Galway Bay,’
Is na cloig ag bualadh leo: Lá breith’ Mac Dé.
And the bells ringing away: The son of God’s birthday.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Bhí saol breá romhamsa. Nach breá an scéal agat é.
I had a good life ahead of me. Ain’t that a grand story of yours.
Sciob tú mo bhrionglóid uaim an chéad uair a chas mé ort.
You snatched my dreams away from me the first time I met you.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Tá siad agam i gconaí, a stór, i dtaisce i mo chroí.
I have them always, love, stored away within my heart.
Na fág mé anois, a mhnaoi. Is tú bun is barr mo shaolsa.
Don’t leave me now, woman. You’re everything in life to me.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Is An Cór an NYPD is iad ag casadh ‘Galway Bay’
And the NYPD choir and they singing ‘Galway Bay,’
Is na cloig ag bualadh leo: Lá breith’ Mac Dé.
And the bells ringing away: The son of God’s birthday.
Go raibh maith agat! Le cloisteáil anseo, freisin
– http://www.youtube.com/watch?v=o0zaVdvklzA&list=PLtVSQEQG0xVHAHjVdIhL81kvSzaHgz7dp&index=15
GRMMA, a stór. ♥
Cuirfidh mé anseo é 🙂
Pingback: 161. Learn Irish – Fairytale of NY lyrics | ancroiait