![](https://ancroiait.wordpress.com/wp-content/uploads/2024/06/image-18.png?w=642)
Creidim in aon tír amháin
Éire fíorálainn,
a muir agus a talamh
agus a huile buanna sofheicthe agus
dofheicthe.
Agus in aon ethos amháin aici, cearta daonna
mar aon le grá dár gcultúr,
a tháinig chugainn ónár sinsir.
Creidim inár dteanga,
agus iontu a labhraíonn í ó dhubh do dubh
fiú is iad i bhfad is i gcéin;
Creidim inár laochra a thuigeann cé muid,
is i ngach duine a thagann anseo is a thugann
meas dár n-oidhreacht;
óir is é cineáltas an chaoi againn.
Ar ár son-na, an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
a dhiúltaíonn muid Dialathas.
Beannaithe le daonnacht is
muintearas is grá,
glacaimid le nádúr daonna, ní gráin.
Céasadh ár sinsir ach tá muid fós anseo,
ní faoi rí ná faoi thiarna riamh arís.
D’fhulaing muid náire ach seasaimid le bród.
Beidh aiséirí is saoirse ann nuair atá ‘na sé’ saor
de réir mar a d’fhógair Data;
chuaigh an scéal amach;
is má chreidimid é, beidh linn.
Tiocfaidh ár lá faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar
mhairbh, ar impireacht na Breataine
agus beidh deireadh lena ríocht.
Creidim i spiorad an phobail,
i ‘Ná hAbair É, Déan É,’
agus iontu a ghluaiseann ón mbréag i dtreo na fírinne.
Tugtar dóibh cúnamh agus moladh
mar aon leis an dream a thuig i gcónaí.
Creidim sna filí a labhair trína ndánta.
Creidim sa cheol ar an sean nós,
sa rince, san ealaíon.
Éirím le dóchas gach lá go seasfaidh mo mhuintir
an fód do thír saor ó náire, do shaoirse
Agus tá mé ag súil le haiséirí na teangan
agus leis an daonlathas atá le teacht.
Amen
Aguisíní:
Ba linn féin an tír i gcónaí.
Ní le McQuaid ná a leithéid sinn.
Ní leis an Vatacáin sinn.
Ní le Dia faoi leith ná Déithe sinn.
Sin mar a bhí, mar atá, agus mar a bhéas go deo
trí shaol na saol,
AMEN
I think I saw this in the Irish media a long time ago. When McQuaid got the top job in Dublin, one of the first things he did was to rush back to the religious institution where he had been in his younger days and grab a compromising dossier. One of the nurses who was by his side in the Dublin hospital where he was getting to the end of his life found herself having to reassure him, that contrary to what he was saying, he wasn’t going to go to Hell. I also understand that the Vatican were considering giving McQuaid the position of the All-Ireland primate with a cardinal’s hat. They asked Dev for his opinion and he was dead against it, so it didn’t happen.