Domhnall O Lubhlaí is na Leasanna Dílsithe
Leanann an náire agus ceisteanna i ndiaidh a bháis.
An Trionóid Lofa: Eaglais, Stát agus Dlí
Fuair Domhnall O Lubhlaí (péidifileach) bás. Is lena bhás chaill daoine cuid dena eagla roimhe.
Bhí mé ag súil nach dtabharfaidís spás dó san Ardeaglais i mo bhaile, nach mbeadh duine ar bith ann le slán a fhágáil leis mar gheall ar an dochar a rinne sé ina shaol ag ionsaí buachaillí óga. Bhí mé mícheart. Chuala mé ar dtús nach raibh ach fiche san Ardeaglais sa Mhuileann gCearr. Bhí ionadh orm go raibh an méid sin ann ach mar a tharla sé, bhí mé mícheart ar fad mar bhí slua ann.
Slua! Don diabhal sin? Ba chuma leo? An raibh siad páirteach sa feall leis? Nach raibh fhios acu? Cérbh iad? Chuir slua daoine a éadaí speisíalta orthu agus thaisteal siad go dtí an Ardeaglais i dtaispeántas poiblí d’ómós don phéidifileacht, Domhnall O Lubhlaí. Do-chreidthe!
Tá daoine fós ag diúltú an fhírinne nó ag cosaint an diabhal.
Aréir roimh dul a codladh dom, léigh mé gurbh é an t-athair Gearóid O Conaire, ó Chluain Dolcáin agus Priomh Chinnire i Ros Muc sna seachtóidí an sagart a bhí ann, gur fhreastal Ruairí Ó Brádaigh (Snr) air lena mhac Matt, gur léigh bainisteoir Ui Lubhlaí, Proinsias O Hailin, an léacht ón altóir, gur sheinn Tiarnáin o Dinnchinn na píopaí agus gur chas Cór Chúil Aodha ag an Aifreann do Dhomhnall O Lubhlaí san Ardeaglais.
Bhí mé ag creathadh. Ní fhéadfadh sé a bheith fíor! Tháinig náire agus éadóchas orm. Cé a dhéanfadh rud mar sin? Cén chaoi a d’fhéadfadh sé a tharlú? Cheapfá gur naomh a bhí ann in áit an diabhal. Cén sórt daoine a thabharfadh tacaíocht dó? Fuair mé teachtaireacht ó Pheadar O Riada (Cór Chúil Aodha) ag míniú nach raibh fhios acu faoi agus go bhfuair sé amach ina dhiaidh sin go raibh cara leis ina íospartach ag Domhnall O Lubhlaí. Leanann an damáiste fiú i ndiaidh a bháis.
Ach arís, nuair a smaoiním air, ar chóir go mbeadh ionadh orm gur thug an Eaglais tacaíocht do phéidifileach? Narbh oinseach mé le ceapadh go raibh sé fós gan tacaíocht ACH ba chóir go mbeadh náire an domhan ar chuile dhuine a bhí páirteach sa tsochraid sin! Tuigim do chás, a Pheadair. Faoiseamh duit agus dod’ chara.
Saor sinn ó olc
An Eaglais comhpháirteach:
Bhí mé ar buile ceart nuair a léigh mé faoi bhás Domhnall O Lubhlaí. Bhí áthas orm go raibh sé marbh ach bhí saol breá easca aige le tacaíocht ón Eaglais. Scríobh mé faoin fimíneacht cheana. Cén gaol a bhí ag O Lubhlaí leis an Eaglais mar sin?
- B’é O Lubhlaí a thug fostaíocht don Athair Piaris O Duill mar shéiplíneach ina choláiste i Ros Muc.
- Ba leis an Eaglais na scoileanna cónaithe go léir a d’úsáid O Lubhlaí mar choláistí samhraidh: Garbally, Jarlaths (Tuaim), Flannans (Inis), St Mels (Longford), Knockbeg (Ceatharlach), St Mary’s (Gaillimh)
- An rud a chuala mé faoi fadó agus a chuir isteach go mór orm ná gur dhíol ár Easpag Mac Cormack an sean ospidéal ansin dó ag An Chúil (Coole) ar bheagán airgead £20,000 nuair a bhí luach £500,000 ar an áit. $$$ do Dhomhnall agus leanaí le fail dó freisin!
Ag deireadh a shaol, d’fhan O Lubhlaí i dTeach na mBrathar, léigh sé ag an Aifreann agus ba mhinister na hEocairiste é. Tá rud amháin soiléir anseo, ní raibh eagla air ná náire air is ní raibh sé cáilithe dá phost. An féidir a shamhlú lead óg a d’ionsaigh sé ag siúl suas go dtí an altóir le fáil amach go raibh an fear a d’ionsaigh é ag fanacht leis ansin le corp Dé ina lámh aige?
Theip ar an Eaglais é a stopadh agus na buachaillí a chosaint.
Cé a chosain na páistí?
An Stát comhpháirteach: Cá raibh an rialtas atá ceapaithe aire a thabhairt do pháistí? Cá raibh an Roinn Oideachas agus na seirbhísí soisialta? An raibh O Lubhlaí cáilithe mar mhúinteoir ar chor ar bith? An raibh sé chomh dána sin nach ndearna sé staidear ar bith i gColáiste traenáil agus a bhrú a bhealach isteach i ngach áit fiú ar an teilifís? Bhí. Nach bhfuil gá le cáilíochtaí? Ba chóir go mbeadh sé caite amach ó na scoileanna go léir nuair a thosaigh siad an chéad fiosrúcháin faoi. Ní chóir go raibh sé ceadaithe dul i ngar d’aon áit ina raibh páistí.
Bhí Brian Gaster agus Frank Allen i gceannas ar choláiste eile i Ros Muc (Colaiste Bhriocain) sna seachtóidí agus na hochtóidí. Nuair a chuireadh i leith Gaster gur ionsaigh sé buachaillí, chuir sé lámh ina bhás féin. Bhíodh sé ag múineadh i gCaisleán Dhroimeanaigh freisin. Arbh é Frank Allen an Proinsias O Hailin a léigh an léacht ag sochraid Ui Lubhlaí? Bhfuil siad ceangailte le chéile na daoine ag an sochraid? Ní raibh cosaint le fáil ag na leanaí agus tá fáilte roimh na daoine ciontacha san Eaglais!
D’íoc muidne as an oideachas lenár gcáin ioncaim. Fuair na coláistí samhraidh go leor airgead ón Stát. Thug siad ár airgead do Dhomhnall agus d’ionsaigh sé gasúir.
Cé nach raibh cead aige múineadh i 1991, lean sé ar aghaidh ag dul go scoileanna lena bhainisteoir. Rinne daoine gearáin faoi don Aire Ruairi Quinn, don INTO, don ASTI, do Ghaelscoileanna agus araile ach ní dhearna sé aon mhaitheas. Dúradh freisin gur oibrigh sé san Éigipt ag múineadh Béarla ann. Seans mhaith go ndearna sé dochar ann freisin.
Theip ar an Roinn Oideachas é a stopadh agus na buachaillí a chosaint.
An fhírinne searbh: cosaint ann don diabhal is go hIfreann leo siúd atá soghonta
An dlí comhpháirteach
I 2000 cuireadh ina leith gur ionsaigh Domhnall O Lubhlaí 11 leanaí is bhí 56 ionsaithe ina choinne maidir le éigniú agus a leitheid. Labhair cúigear amach faoi na hionsaithe ina choláiste, ag an gcoláiste samhradh, in óstáin, in árasáin, i bpictiúrlainn, i Ros Muc, Ath Luain, BAC, Dún na nGall agus Tiobraid Arainn. Níor éirigh leis an triail agus tá ceist mór millteach anseo: cén fáth? Tríocha bliain ag múineadh! Cé mhéid daoine eile atá amuigh ansin.
Gradam
Cé atá ciontach? Domhnall O Lubhlaí ar ndóigh, ach tá sé marbh. Samhlaigh cé chomh dána is a bhí sé ag seasamh os comhair an phobail san Ardeaglais ar nós bheith a rá le daoine, ‘Anseo atá mé ach níl sibhse ag dul ag déanamh tada, an bhfuil?’ Is bhí an ceart aige. Bhí cosaint aige agus bhí a fhios aige go raibh. An raibh liosta dumhál aige? Caithfidh go raibh gardaí (dearthair Annraoi ina measc?), breitheamh nó dhó (nó níos mó), sagairt agus daoine eile mór le rá sa tír ag tabhairt cosaint dó. Dúirt sé go bhfuair sé a ghrá don Ghaeilge óna mhúinteoir bunscoile Mrs. Abbott. B’shin máthair Judge Henry Abbott (TD).
Eagla
Tá ár dlí oifigiúil (nach ndearna a dhóthain) againn ach bhí dlí eile againn is arm eile chomh maith. B’shin an IRA. Bhí fhios againn go raibh siad ann. Bhí baint ag an ngrúpa le smacht agus foréigean agus gá ordaithe a leanúint le bagairt le tuiscint idir na línte. Cuireadh O Lubhlaí i bpriosún i 1965 mar bhí sé ina bhall don IRA. Bhí sé curtha ar fionraí ag an Roinn Oideachas an uair sin. Bhí Domhnall i measc na daoine a bhunaigh an Republican Sinn Féin san West County Hotel. Sheol go leor polaiteoirí a leanaí dó: P. Flynn, Albert Reynolds, MG Quinn, Bobby Molloy, O Brádaigh, o Conaill, Mac Stiofáin agus araile. Ghlaoigh Donie Cassidy ‘An Monsignor Horan of the Midlands’ ar O Lubhlaí. Bhí cairde cumhachta aige.
Theip ar an dlí é a stopadh agus na buachaillí a chosaint.
Cé as a tháinig sé is cá ndeachaigh sé?
Rugadh i Nua Eabhrac é ach tháinig siad go lár na hÉireann nuair a bhí sé an-óg. Ní raibh sé cáilithe mar mhúinteoir. Dar le leabhar a d’fhoilsigh sé rugadh i Clonkill, An Muileann Cearr é i 1930, bhí deirfiúr amháin aige, bhí sé san arm (níl fianiase faoi seo in aon áit). Ní raibh cáilíochtaí aige ach bhí sé ag iarraidh bheith le buachaillí óga agus d’éirigh leis go minic mar bhí Gaeilge aige.
Fuair sé post le…
Conradh na Gaeilge i dTiobraid Arainn i 1952, is le
Comhaltas Ceoltóirí Eireann is le
Gael Linn leis na cúrsaí trí mhí sna bunscoileanna i 1958.
Ar an gCeathrú Rua d’eagair sé cúrsa (mí amháin) do dhaltaí meanscoileanna.
Fuair Gael Linn réidh leis i 1968. An raibh sé san nuacht? Ar roinn siad an t-eolas le scoileanna eile?
Bhunaigh sé Colaiste na bhFiann i Ros Muc
Léirigh sé clár teilifíse ar RTE.
Bhunaidh sé Cumann an bhFiann do dhaoine óga.
Freisin mhúin sé i gCluain Dolcáin.
is don VEC i mBAC,
is i Cill Chuilinn (tá súil agam go bhfuil Cáit ó Foróige i gCill Chuilinn ceart go leor anois – bhí an tiománaí bus ar an gcúrsa as bealach leí ar an gCeathrú Rua fadó)
agus ins Na Sceirí ( A dhiabhail, ná habair liom go bhfuil baint anseo le Frank? Ní dhearna sé aon rud domsa ach bhí sé mór le Annraoi).
Liosta fada. Seans mhaith go bhfuil liosta fada den dochar le fáil fós. Bhí airgead ag teacht isteach do Dhomhnall agus neart leads óga le fáil aige.
An Trionóid Lofa: Eaglais, Stát agus Dlí
Is céard a tharlóidh as seo amach? Tada má leanaimid ar aghaidh mar atáimid! Ní féidir leis na gárdaí iad féin a fhiosrú, ná an Roinn Oideachas, ná na leasa soisialta, ná an Eaglais! Caithfidh grúpa eile iad a cheistiú. Tá an t-Easpag Mac Cormack imithe. Ach bhí eolas ag daoine eile faoi Coole agus céard a tharla ann. Athrú de dhíth sa dlí. Megan’s Law ag teastáil anseo.
Fuair mé beagnach an t-eolas seo go léir ó http://www.politics.ie/forum/current-affairs/209333-irelands-jimmy-savile-11.html
Tuilleadh faoin diabhal seo ar
http://www.tg4.ie/en/player/tg4-player.html
‘Irish Savile’ Domhnall O Lubhlai ‘could have abused scores of kids
Irish TV host and child camp founder Domhnall O Lubhlai never stood trial for 11 sexual abuse charges | Irish News | IrishCentral
Díomá an domhan orm inniu is daoine ag cosaint Cathal O Searcaigh ar Twitter. Nach bhfoghlaimeoidh siad ariamh?