Imbolg shona daoibh
Tá an geimreadh ag iompar an samhradh
Lá Fhéile Bríde/Là Fhèill Brìghde/ Laa’l Breeshey Shona daoibh
Téigh go tobar naofa ag breacadh an lae is ól uisce ann,
déan Brídeóg sa bhaile is téigh ó theach go teach léi ag bailiú bia is rudaí eile le cuir uirthi,
las tine ‘s abair filíocht is ceol, bí ag ithe is ag ól…
San oíche déan leaba luachra dár nDia Torthúlachta is glaoigh amach di
A Bhríd, a Bhríd, tar a slí is gabh do leaba X 3
Tabhair meas speisíalta do na mná an lá seo. Is leo an Fhéile seo.
Cill Aodáin le Antoine Ó Raifteirí 1779–1835
Anois teacht an earraigh
- beidh an lá ag dul chun síneadh,
- Is tar éis na féil’ Bríde
- ardóidh mé mo sheol.
Ó chuir mé i mo cheann é
- ní chónóidh me choíche
- Go seasfaidh mé síos
- i lár Chontae Mhaigh Eo.
I gClár Chlainne Mhuiris
- A bheas mé an chéad oíche,
- Is i mballa taobh thíos de
- A thosaigh mé ag ól.
Go Coillte Mách rachaidh
- Go ndéanfadh cuairt mhíosa ann
- I bhfogas dhá mhíle
- Do Bhéal an Átha Mhóir
- Cill Aodáin
- Here comes Spring now
- the day’ll have a stretch in it,
- and after Bridget’s Festival
- I’ll hoist up my sail.
Since I got it in my head
- I’ll never settle down
- till I’m standing down there
- in the middle of Mayo.
‘Tis in Claremorris
- I’ll be the first night.
- ‘Twas at a wall down from it
- where I started to drink.
To Magh’s Woods I’ll head then