Feabhra 23 1943: Cailleadh 35 páiste i dtine i ndílleachtlann i gCabhán. Cailleadh duine fásta amháin ann freisin. Ba bheag nár chaill fear, John McNally, a shaol san iarracht a rinne sé an tine a mhúchadh. Rinne go leor daoine sa bhaile mór tréaniarracht dul isteach le cúnamh a thabhairt ach níor lig na mná rialta isteach iad ach amháin go mall, diaidh ar ndiaidh, is gan eolas a thabhairt dóibh cá raibh na páistí. Bhí doirse faoi ghlas ag na mná rialta.
Ní tragóid, ach coir. Ba leis na Cláiríní Bochta an dhílleachtlann. Is iad a choinnigh na doirse faoi ghlas. Is iad a choinnigh na daoine amach rófhada. Is iad nár inis do dhaoine a fuair bealach isteach cá raibh na páistí. Is iad a chinnigh nach raibh na páistí gléasta i gceart le bheith feicthe ag fir a bhféadfadh iad a shábháil. Is iad a mharaigh na páistí. Tá na Cláiríní Bochta fós in Éirinn. Ní fhaca mé tada faoi Chabhán acu ar a suíomh ach, mar a deireann said go minic ann, b’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil said umhal.
Chuir an ráiteas thuas an Taliban i gcuimhne dom. Ná sábháil iad mar níl said gléasta i gceart?! Dochreidthe!
An iomarca faoi cheilt. Ní leor paidreacha. Freagracht de dhíth. Saoirse ón nDialathas atá fós i gceannas ar scoileanna is ospidéil de dhíth.
Scríobh Brian Ó Nualáin faoin tine. Thuig sé. Bhí sé ag scrúdú a tharla.
Ná dean dearmad.
10/10/11
Tuilleadh faoi. Níos measa fós. Cuid de na gasúir goidthe ag na mná rialta. Bhí tuismitheoirí acu. https://www.rte.ie/radio/doconone/647357-radio-documentary-orphans-fire-cavan-saint-josephs-industrial-school