Cill Chainnigh? Nárbh as an gcathair sin an fealsamh, Berkeley? a d’fhiafraigh múinteoir díom ar scoil ar maidin.
Dáiríre? ar mé. Is iomaí rud nach bhfuil ar eolas agam faoi mo thír féin.
Nár fhreastal sé ar Choláiste Chill Chainnigh? ar sé.
An raibh a leithéid ann? ar mé ag smaoineamh ar Choláiste Chiaráin agus nach álainn an coláiste atá acu! Bhí aithne agam ar lead ann uair fadó.
Cén fáth nár aithin mé Kilkenny College? A. Coláiste Protastúnach a bhí ann, an ea? An áit a bhí in úsáid acu ag an gComhairle Contae anois:
Maith go leor. Rud nua foghlaimthe agam faoin gColáiste ach cén Berkeley? Baint aige le Berkeley i gCalifornia?
An fear céanna! George Berkeley (1685-1753): easpag, ollamh, fealsamh. A ainm ar ollscoil i gCalifornia & tionchar aige ar SAM ar fad.
Anois táim ag éisteacht.
Rugadh George ar An nDíseart sa Chaisleán, drochbhail ar an gCaisleán sin anois, faraor.
D’fhreastal Berkeley ar Choláiste na Trionóide is mhúin sé Gréigis ann. D’fhoilsigh sé leabhar mata faoin gcaoi ina fheicimid rudaí is níor thuig daoine ag an am é ach anois tuigtear go raibh an ceart aige go minic.
I Sasana fuair sé cairdeas i measc Addison, Pope, & Steele. Thaisteal sé ar fud na hEorpa is chaith sé ana-chuid ama san Iodáil. San Eaglais Protastúnach lean sé ar aghaidh ag múineadh i gColáiste na Trionóide: Diagacht & Eabhraise an uair seo.
Neamhábharachas
Eisean a chum an fhealsúnacht ‘neamhábharachas.’ Níl ábhar i rud muna gceapann muid go bhfuil. Sin an smaoineamh atá ann. I leabhar a scríobh sé bhí Philonous ag caint faoi neamhábharachas & Hylas ag argóid ina choinne mar a bheadh John Locke ag déanamh i ndáiríre.
Dearcadh
Dearcadh: sin an rud. Sin fealsúnacht Berkeley. Nach é sin a deirim féin i gcónaí. Dearcadh: sin an rud i gcónaí.
Spiorad agus Smaoineamh.
De réir Berkeley, is neacha beo iad spioraid a chruthaíonn smaointe. Tá smaointe éighníomhach. Is féidir smaoineamh a fheiceáil ach ní féidir spiorad a fheiceáil.
Nuair a tháinig Berkeley go Meiriceá, thug Samuel Johnson cuairt air. Thug Berkeley leabhair agus airgead do Yale agus mhúin Yale fealsúnacht Berkeley. Os rud é gur múineadh a fhealsúnacht ann do leath de na daltaí in ollscoileanna idir 1743 & 1776 agus go raibh leath de na daoine a shínigh Forógra na Saoirse ceangailte leis sa chaoi sin, bhí tionchar ollmhór ag Berkeley ar Mheiriceá.
Ollscoil Berkeley
Ins na 1870daí d’fhoilsigh Alexander Campbell Fraser “The Works of George Berkeley.” Spreag sé sin suim i mBerkeley & a fhealsúnacht taobh amuigh de Mheiriceá.
Rud a thuig múinteoir ar scoil anseo ar maidin, múinteoir ón mBraisíl a mhúin ceacht dom faoin bhfealsamh ó Chill Chainnigh.
Mar a fheiceann daoine eile ár dtír is mar a fheicimid féin í.
Dearcadh. Eolas a roinn sé le spiorad lách.
Mar a fhoghlaimíonn muid.
Buíoch. Dearcadh nua agam ar Chill Chainnigh, na coláistí ann, agus an saol.