Pics ó Cuan Ó Seirideáin
Aisling Draíochta ar an mBliain 1916
leis an tAthair Pádraig Ó Duinnín
Mo chreach chruaidh chráidhte,
An ceannphort cáilmhear
Mac Piarus Pádraig
Mar d’fhág a mháthair
Go buaidheartha báidhte
I mbrón ‘ghá cháramh;
Fear luath glic abaidh
Fear tréitheach gasta
Do b’oilte ar chleasaibh
Is ar chúrsaidhibh airm;
Laoch miochair cneasta
Ná gortóchadh leanbh,
‘S ná bainfeadh allus
A buin ná a capall;
Triath gan doicheall
Thug a chuid fola
‘S a mheabhair ghlic shoirbh
Dá thír dá cosaint.