Scéal le Biddy Jenkinson á léamh againn inár gClub Leabhar.
Duine sa ghrúpa tinn faoi láthair (biseach luath uirthi)
is cuid nach bhfuil in ann an tseanchló a léamh.
Dóibh siúd, seo an t-amhrán ag deireadh an scéil.
Amhrán a bhFuaireas sa Ghleann in Uíbh Ráthach
1.
An gcualabhair an scéal faoi Sceilg Mhichíl
Fé fear a’ tí solais a d’imigh le gaoith?
Ní raibh rian ná radharc air in aon áit beo
Is an t-amhras a’ titeam ar Chárthach Lios Phóil.
2.
Fear groí is ea an Cárthach, fear cuileachtan a’s spóirt,
Fear croí móir sa tábhairne a’s diúgann go leor –
Ach dob fhear dorcha gruama é Néipéir, mo léan,
Aonarán uaigneach is fear Bíobla a léigheamh.
3.
Tháinig píléars Uibh Ráthaigh a’s píléars Thráighlí,
Bhí an dúthaigh dubh breac le fórsaí an Rí;
Chuardaíodar thíos a’s chuardaíodar thuas,
Níor fhágadar gan cuardach ceann tíre ná cuas.
4.
Bhí na pílears i bponc, gan teacht ar Néipíor
Ach bhí máistir a gceard i gCaisleán Bhleá Cliath;
Tháinig sé aduaidh go bhfuasclódh an cás
Ach chuaigh sé sa tóin air, gan tuairim na ngrás!
5.
Cuireadh scéala faoi dheoidh go fear an fhoclóra,
An sagart mín Gaelach, fear foghlamtha eolach –
Do mhachnaigh sé go dian a’s do léigh sé go cruinn air
Go raibh Néipíor fé réim ar Sceilg na n-éan.
6.
D’fhill Néipíor arís i measc a chomh-dhaoine,
A’s inseadh a scéal ar fuaid dúthaí na tíre.
Age baile sa Chaladh bhí Tomás Mac Aoidh
Ag áireamh a chúitimh ó phiardaí Bhleá Cliath.
7.
Moladh go spéir fear scríte an fhoclóra,
Bhí Father Duinnín ‘na ghaiscíoch cóir acu.
I bPort Mhic Aoidh bhí deoch an bord acu
A’s marach an sagart bheadh Néipíor ina dhaor fós.
8.
Bainirseach róin a bhí imithe fé dháir
A chonaic sa tsnámh chuici an slibire bán –
Isteach léithe sa tsáile a’s í ag sceamhghail go hard,
Í ag guidheachtaint go míneodh Néipíor a cás.