Foilsithe ar dtús ar an 30 Samhain, 2016 ag Coláiste Lurgan
Amhránaí: Cian Mac Gearailt Ceol: Jenny Ní Ruiséil Dráma: Caoimhe Ní Chonghaile
Liricí
1.
Shíl mé go mbeadh muid slán go deo.
I thought we’d be safe forever.
Mo mhianta ar fad iad scaipithe sa gceo.
My longings, all dissapated in the fog.
Do chaint níos géire ná haon scian,
Your talk is sharper than any knife,
Do mo ghearradh domhain.
Cutting me deeply.
Mé céasta ag an bpian.
I’m tortured by the pain.
Airím uaithi go bhfuil muide dul faoi,
Feeling from her that we’re going under,
Ach go deo leanfaidh mé ormsa ar aghaidh.
But I’ll forever keep on going.
Rudaí beaga sin a bhí cur as di,
Little things that were bothering her,
Chun fáin.
Gone astray.
Curfá
‘Mé i gcónaí caoineadh i ngan fhios dhom,
I’m always crying unknown to myself,
Ag crith le heagla is gan tú ann liom.
Shaking with fear without you.
Anois gan póigín ó do chroíse
Now without your heartfelt kiss
Gan fónamh ná faoiseamh,
Without help or relief,
Titim trína chéile.
I fall apart.
‘Mo chroí i bpian nach féidir éalú [uaidh].
My heart’s in inescapable pain.
Anois gan póigín ó do chroíse.
Now without your heartfelt kiss,
Gan fónamh ná faoiseamh.
Without help or relief.
2.
Mar leamhan faoi gheas’ an tsolais geal,
Like a moth enchanted by bright light,
Mheall tú orm arís is rinne tú an feall.
You lured me in and did me wrong.
‘Níos binbí ná an tadhall faoi shioc.
‘Sharper than a frozen touch.
Ní bheidh mé dallta níos mó.
I won’t be blinded anymore.
Ní hé nár chreid mé faoin mbrón.
It’s not that I didn’t believe in sadness.
Airím uaithi go bhfuil muide dul faoi,
‘Feeling from her that we’re going under,
Ach go beo leanfaidh mé ormsa ar aghaidh.
But I’ll keep going on staying alive.
Rudaí beaga sin a bhí cur as di,
Little things that were bothering her,
Chun fáin.
Gone astray.
Curfá
Deireadh na feide.
The final breath.
Níl aon chiall ar bith bheith ag troid.
There’s no point in fighting.
Deireadh na feide.
The final breath.
Beir leat an leid.
Take the hint.
(Arís is arís eile)
Curfá