Foilsithe ar dtús ag Coláiste Lurgan Nollaig 6, 2016
Ceol & Cór: Jenny Ní Ruiséil, Aisteoireacht: Máire Ní Bhraonáin, Fearas & Smideadh: Síona Ní Dhufaigh, Anysa & Fáinche, Dísligh:Seán Ó Cadhain a thóg an dísligh, Seit: Cian Ó Fáthartaigh & Rónán Ó Curraoin
Liricí
1
Ní buan an réim atá faoi réir anois. Tú do mo chrá. mmm, mmm
The time we have now is running out. You are tormenting me. mmm, mmm
Is anois an t-am don aos óg dul faoi bhláth. Seo’d é an lá. mmm, mmmm
And now is the time for youth to blossom. This is the day. mmm, mmmm
Ag siúl ar bharr mo chosa, ag súil go dtiocfaidh tusa.
Walking on tiptoes, hoping you’ll come.
Le cúnamh ó do bhráithre, casfaimid an roth seo.
With help from your brothers, we’ll turn this wheel around.
Na daoine timpeall orm ag insint bréag. ‘Siad do mo chrá, mm mmm
Those who surround me are telling lies. They’re tormenting me. mm mmm
Curfá
Tháinig muid le siamsa, siamsa, siamsa! Can amach in airde, airde, airde!
We came with fun, fun, fun! Sing it out loud, loud, loud!
‘Nós na tine, loinnir inár saol. Lasfar dúinn an tslí, ní ghabh’ muid i mbaol.
Like the fire, radiance in our life. The way will be lit for us, we won’t be in danger.
Féach ár n-áilleacht, é ag dul i méid. Ní fheicfear go deo aríst a leithéid.
Look at our beauty, it’s growing. The likes of this will never be seen again.
Muid faoi gheas’ ag eitilt saor is binn. Seasfaimid le bród ag lonnrú síos ón ngrian.
Enchanted we fly splended, free. Let’s rise with pride shining down from the sun.
Tar uait linne, sin a dhéanfadh sé. Ní fheicfear go deo aríst a leithéid.
Come along with us, that’s what he’d do. The likes of this will never be seen again.
‘Nós na tine. Uh
Like the fire. Uh
2.
Bíonn daoine ag gáire fút is iad in éad. Báite ag éamh. mmm mmmm
People laugh at you in jealousy. Drowned in cries. mmm mmmm
Is tóg d’am; fan ann go bhfuil muid réidh. Ár gcluiche fhéin. mmm mmm
And take your time; stay till we’re ready. Our own game. mmm mmm
[Is] Cuma faoi gach éinne [eile]. Níl muid mar an gcéanna.
Who cares about everyone [else]? We’re not the same.
Le chéile san oíche, go deo arís choíche.
Together in the night, forevermore eternally.
Ní gá dúinn bheith buartha faoi na nithe beaga sin.
We don’t have to worry about those little things.
Curfá
Pingback: k.29 Amhrán Pop Gach Lá | ancroiait